Avsnitt
-
Labhraíonn Ursula Savage le Cuán faoi Kheir Starmer ag imeacht mar Phríomhaire; an tionchar a bheidh ag sin ar Pháirtí an Lucht Oibre; Andy Burnham ag teacht chun cinn agus cá seasann na páirtithe eile sa Bhreatain. Faighimid léargas chomh maith ar an méid atá ag titim amach le Jeffrey Donaldson, agus an mbeidh tionchar ag an scéal ar an DUP. Agus leis na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh 250 bliain ar an bhfód, cloisimid faoi cad é mar atá na caidrimh idir na Stáit Aontaithe agus na rialtais ó dheas, ó Thuaidh agus sa Bhreatain.
-
Tá na Stáit Aontaithe 250 bliain d'aois, agus tá moltaí iontacha ag Cuán, bainteach le Meiriceá.
-
Saknas det avsnitt?
-
Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Cuán faoin ngaol láidir atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe, an tionchar atá againn ar a chéile, agus na rudaí is fearr leo faoi na Stáit Aontaithe, i measc go leor eile.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir faoi scéalta spóirt na seachtaine. Faighimid léargas ar chúrsaí CLG, agus le Meiriceá ag ceiliúradh 250 bliain, cloisimid faoin gceathrar a chuirfeadh Cuán agus Daragh ar Mhount Rushmore Spóirt Mheiriceá.
-
Labhraíonn Pól Penrose le Cuán faoi Bhród na Gaeltachta, atá ar an bhfód le cúig bliana anuas. Cloisimid faoi thábhacht agus tionchar Bród na Gaeltachta, agus na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i mbliana.
-
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha don aimsir álainn atá againn faoi láthair, idir cheol, leabhair, sraitheanna agus go leor eile.
-
Labhraíonn Louisa Ní Éideáin le Cuán faoi 'Spice' le Spice Girls, 30 bliain ó tháinig 'Wannabe' amach. Pléann siad lorg agus tionchar na Spice Girls ar bhannaí agus amhránaithe eile, agus ar chúrsaí ceoil i gcoitinne.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta móra spóirt na seachtaine - an draw caide, sacar, rugair agus an Corn Domhanda.
-
Tá Cuán ar ais le moltaí den scoth, a thabharfaidh tríd an dea-aimsir sinn!
-
Tá Sinéad Ní Uallacháin linn, agus tá sí féin agus Cuán ag labhairt faoi na moltaí Nexflix is fearr, chomh maith le cuimhní ó theilifís sna blianta a chuaigh thart. An mbraithimid uainn an 'monoculture'? Agus cad iad na cláir a tharraingníonn muid le chéile inniu?
-
Labhraíonn Kate McDaid le Cuán faoin hiodráitiú. An bhfuilimid ag ól go leor uisce? Agus conas gur féidir linn dea-nósanna a fhorbairt?
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine.
-
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine - AI, Love Island, Béal Feirste, An Corn Domhanda agus eile.
-
Labhraíonn Máire Éilis Ní Fhlatharta le Cuán faoi Ros na Rún ag 30.
-
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha, idir leabhair, ceol, scannáin agus go leor eile.
-
Labhraíonn Méabh NÍ Choileáin le Cuán faoina cuid leabhair 'From The Stop, Sally Flynn' agus 'Freya Harte is Not A Puzzle'.
-
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine - an Corn Domhanda, CLG, rugair agus neart eile.
- Visa fler