Avsnitt
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go raibh Trump ag cur leis an teannas. Ionsaíodh cathracha eile fosta, lena n-áirítear Natanz, áit a bhfuil áiseanna núicléacha, agus Tabriz, áit a bhfuil bunáit aerfhórsa na hIaráine. D’ionsaigh fórsaí na hIaráine na cathracha Iosraelacha Tel Aviv agus Haifa le diúracáin agus dróin. D’fhág Trump cruinniú G7 i gCeanada go tobann, ach séanann sé go raibh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána idir an dá thír.
Beidh babhta réamhcheathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ag tarlú an deireadh seachtaine seo. Tá Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn i gcluiche mór an deireadh seachtaine. Tarraingíodh na cluichí ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon agus seo mar a tháinig siad amach: Dún na nGall v Lú, An Dún v Gaillimh, Ciarraí v An Cabhán, Baile Átha Cliath v Corcaigh. Beidh buntáiste baile ag Dún na nGall, An Dún, Baile Átha Cliath, agus Ciarraí, ós rud é gur tháinig siad sa dara háit ina ngrúpaí roimhe seo. Tá áit bainte amach ag buaiteoirí na ngrúpaí sin – Tír Eoghain, An Mhí, Muineachán, agus Ard Mhacha – sa bhabhta ceathrú ceannais cheana, agus beidh na foirne sin ag dul in iomaíocht le buaiteoirí na gcluichí an deireadh seachtaine seo.
Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cáil níos fearr air mar an rapálaí Mo Chara as an ghrúpa Kneecap, os comhair na cúirte i Londain an tseachtain seo. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – deirtear gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo caite. Shéan sé na cúisimh ar fad. Deir Kneecap gur caitheadh an bhratach ar an stáitse agus go bhfuil na cúisimh ina n-iarracht an grúpa rapcheoil a chiúnú. Deir siad go bhfuil an dlí á úsáid chun bac a chur orthu ag taisteal agus ag labhairt. Tá Kneecap an-oscailte lena dtacaíocht don Phalaistín agus i gcoinne an chogaidh in Gaza. Bhí slua mór ag tacú leo taobh amuigh den chúirt i Londain Dé Céadaoin, agus ligeadh amach ar bannaí é. Déardaoin d'fhill siad ar Éirinn le haghaidh ceolchoirm mhór i bPáirc Fionnradhairc i mBaile Átha Cliath.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
áiseanna núicléacha - nuclear facilities
bunáit aerfhórsa - air force base
réamhcheathrú ceannais - preliminary quarter-final
ag dul in iomaíocht le - competing with
dlí frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism law
ar bannaí - on bail
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an 14ú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Sheol Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump comhaltaí de Gharda Náisiúnta agus de mhuirshaighdiúirí na tíre go Los Angeles an tseachtain seo chun dul i ngleic leis na hagóidí sa chathair. Dúirt Gobharnóir an Stáit, Gavin Newsom, go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur chruthaigh sé níos mó fadhbanna sa chathair. Caitheadh buidéil agus clocha le póilíní, cuireadh cairr trí thine, agus scaoil na póilíní piléir rubair leis an slua. Thosnaigh an clampar mar fhrithghníomhnú in aghaidh na
n-oifigeach inimirce atá ag déanamh ruathar ar inimircigh nach bhfuil na cáipéisí cuí acu. De réir Newsom, bhí Trump ag iarraidh géarchéim a chruthú lena ordú agus nach raibh an t-údarás aige an Garda Náisiúnta a sheoladh go dtí an Stát. Gheall sé go
dtabharfadh sé cás in éadan an Uachtaráin. Tá ordú cuirfiú i bhfeidhm sa chathair anois thar oíche.Ghabh forsaí míleata Iosrael seilbh ar ghníomhaithe ar son na Palaistíne agus a luamh an ‘Madleen’ amach ó chósta Gaza maidin Dé Luain. Bhí na gníomhaithe ag iarraidh soláthairtí bia agus leighis a thabhairt go dtí an Stráice agus aird an domhain
a tharraingt ar an ngorta atá ar siúl ansan fé láthair. Bhí an gníomhaí aeráide Greta Thunberg ar an mbád, mar aon leis an bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa, Rima Hassan. Ghabh na forsaí míleata seilbh ar an long in uiscí idirnáisiúnta, rud a cháin
Amnesty International go géar agus iad ag rá gur scrios forsaí Iosrael an dlí idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste Simon Harris gur ábhar náireach é agus go raibh an domhan iomlán ag thabhairt neamhaird ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza. Díbríodh Thunberg agus trí ghníomhaí eile thar n-ais chuig a dtíortha dúchais Dé Máirt; tá na gníomhaithe eile ag cur in aghaidh na n-orduithe díbeartha.Tá an t-amhránaí agus cumadóir amhrán mór le rá Brian Wilson ar shlí na fírinne. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna ceoil, The Beach Boys, sna seascaidí agus bhí sé ina cheann feadhna ar an ngrúpa ó thaobh an cheoil de. Bhain The Beach
Boys cáil amach mar gheall ar a bhfoinn bhinne agus an nasc idir a gceol agus an cultúr surfála, rud atá le clos sna hamhráin ar nós “Surfin’ USA’, “Surfin’ Safari” agus “Surfer Girl”. Is é an t-albam “Pet Sounds” an ceirnín a bhfuil an cháil is mó air, agus,
de réir go leor daoine, is é an t-albam is fearr a taifeadadh riamh. D’fhulaing Wilson le fabhanna meabhairshláinte le linn a shaoil, agus de réir a chomhpháirtithe sa ghrúpa, mhéadaigh a úsáid drugaí, go háirithe LSD, a chuid fabhanna. Bhí blianta corracha aige sna seachtóidí agus sna hochtaidí, ach tháinig feabhas ar a shaol arís nuair a phós sé Melinda Ledbetter in 1995 agus chuaigh sé thar n-ais ar camchúirt. Fágann sé oidhreacht ollmhór ar an gceol agus ar an gcultúr den bhfichiú haois.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
muirshaighdiúirí - marines
frithghníomhú - reaction
luamh - yacht
soláthairtí bia agus leighis - provisions of food and medicine
ceann feadhna - leader
ar camchuairt - on tour
-
Saknas det avsnitt?
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá an suíomh UNESCO Sceilg Mhichíl, a bhfuil clú agus cáil air mar shampla de lonnaíocht luath-chreidimh, le hathoscailt aríst inniu, i ndiaidh conspóid dlí maidir le ceadúnais bháid a ghlacann daoine anonn agus anall ón oileán. Bíonn an t-oileán, a bhí ina shuíomh scannánaíochta sna scannáin Star Wars, druidte i rith an gheimridh, idir mí Mheán Fómhair agus mí Aibreáin. Osclaíonn an suíomh aríst don tréimhse úr samhraidh gach bliain i lár mhí na Bealtaine, ach tháinig moill ar an oscailt i mbliana mar gheall ar an chonspóid seo, inar ghlac dhá chomhlacht nar éirigh leo i gcomórtas d’oibreoirí báid éileamh dlíthiúil chuig an ardchúirt. Agus an cás seo beo, cuireadh bac ar aon oibreoir báid seirbhís a chur ar fáil chuig an oileán. Dúirt an tAire Norma Moriarty go bhfuil faoiseamh le mothú sa phobal i ndiaidh an chinnidh seo. “Níl aon áibhéil faoin tionchar a bhí ag an chinneadh seo ar an cheantar. Bhí sé ríthábhachtach gur athosclaíodh an suíomh. Is é an príomháit turasóireachta sa cheantar é agus bhí gnólachtaí ag fulaingt mar gheall ar a dhúnadh,” a dúirt sí.
An tseachtain seo, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cosc ar dhaoine ag taisteal ó thíortha eagsúla go dtí na Stáit Aontaithe. Chuir foireann an Tí Bháin síos ar an pholasaí seo mar “choscanna ciallmhara” a dhéanfadh Meiriceánaigh a chosaint ó eachtrannaigh chontúirteacha. Is é seo an dara huair a chuir an tUachtarán Trump cosc ar an taisteal. Agus é ina chéad téarma in 2017, chuir sé cosc ar an taisteal, agus tháinig éileamh dlíthiúil mar gheall air. Rinne an tUachtarán Biden é a aisghairm in 2021. I measc na dtíortha a bhfuil tionchar ag an bheartas seo orthu ná an Afganastáin, Maenmar, Sead, Poblacht an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, an Eiritré, Háítí, an Iaráin, an Libia, an tSomáil, an tSúdáin agus Éimin. Tá leathchosc tagtha ar thíortha eile mar chuid den bheartas seo, Tóga, Laos, Cúba agus Siarra Leon san áireamh. Shéan urlabhraí ón Teach Bhán gur beartas frith-Mhoslamach atá ann.
Tá Mark Shields, imreoir CLG le Contae Ard Mhacha agus buaiteoir Chraobh na hÉireann anuraidh, i ndiaidh a thaithí ar theacht amach mar dhuine aerach a roinnt go poiblí i ndiaidh deich mbliana ag imirt leis an chontae. I bhfíseán a roinneadh ag ócáid Bhróid a d'eagraigh Cumann na nImreoirí Gaelacha, rinne sé cur síos ar an dúshlán a bhí roimhe teacht amach i dtimpeallacht CLG atá faoi thionchar na bhfear. Mar sin féin, luaigh sé fosta an t-athrú dearfach atá tagtha ar an chultúr, agus thug le fíos go bhfuil dearcadh laistigh de ghrúpa Ard Mhacha agus laistigh den CLG níos tuisceanaí ná mar a bhí blianta ó shin. Aithníonn Shields go bhfuil athrú tagtha ar an teanga agus ar an tacaíocht laistigh den ghrúpa, agus go bhfuil comhoibritheoirí ag seasamh an fhóid le daoine aeracha ar bhealach nach raibh siad ariamh roimhe seo. Agus a scéal féin á roinnt, tá sé ag súil go gcuideoidh sé le himreoirí eile—fir, mná nó daoine neamh-dhénartha— béim a leagan ar a gcultúir féin agus a bheith tacaithe agus sábháilte. Chomh maith leis sin, chuir Shields béim ar an tábhacht atá le daoine iontaofa, cosúil lena dheirfiúr agus lena pháirtí féin, chun comhráite pearsanta a dhéanamh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
lonnaíocht luath-chreidimh - early religious settlement
oibreoir báid - boat operator
eachtrannaigh chontúirteacha - dangerous foreigners
aisghairm - repeal
dearcadh - outlook
daoine neamh-dhénartha - non-binary people
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair, den chéad uair ón sos cogaidh ar theip air i mí an Mhárta. Ghlac Iosrael
leis an bplean agus tá freagra foirmiúil fós le teacht ó Hamas ach dúirt urlabhraí nach ngeallann an beart sos cogaidh buan ná go leor soláthar cúnaimh. Sa Ríocht Aontaithe scríobh 828 saineolaí dlí litir chuig an bPríomh-Aire Keir Starmer ag lua go bhfuil cinedhíothú ag tarlú agus ag cur brú ar an rialtas úsáid a
bhaint as gach acmhainn atá ar fáil chun stop a chur leis. In Éirinn, cáineadh an rialtas as an easpa gníomh dleathúil i gcoinne Iosrael. Chuaigh bean as Gaillimh, Sophie Ní Choimín ar stailc ocrais le brú a chur orthu an Bille Críoch Faoi
Fhorghabháil a hachtú. I rith na seachtaine fuarthas ceadú sa Dáil cosc a chur ar iompórtáil ón Iosrael, ach baineann sé seo le táirgí amháin agus níl seirbhisí san áireamh, cé gurb iadsan a dhéanann an chuid is mó d’iomportáil ó Iosrael go hÉirinn.Tháinig rialú ón gCúirt um Thrádáil Idirnáisiúnta sna Stáit Aontaithe Dé Céadaoin, ina ndúradh go bhfuil an chuid is mó de na táillí atá an tUachtarán Trump ag achtú neamhdhleathach. Ghlac an Chúirt Achomhairc Fheidearálaigh le hiarracht ó riarachán Trump sos sealadach a chur ar an rialú seo, agus
leanfaidh siad ag bailiú cánach don am seo. Tá sos curtha ar roinnt dualgas an riaracháin agus idirbheartaíocht trádála ar siúl, agus beidh an chéad éisteacht eile ar siúl ar an 5ú Meitheamh. Ceaptar go rachfaidh an cás go dtí an Chúirt Uachtarach. Dúirt Peter Navarro, comhairleoir trádála Trump, “fiú má chaillfimid (sa chúirt), déanfaimid iad (na táillí) i slí éígin eile.”Tá chuid den sráidbhaile Blatten san Eilvéis scriosta tar éis intitim oighearshrutha Dé Céadaoin. Bhi 300 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus tharla aslonnú ar an 19ú lá de mhí na Bealtaine, bunaithe ar rabhadh geolaí faoi chobhsaíocht an oighearshrutha. Tá duine amháin ar iarraidh agus tá an-chuid tithe scriosta. Tá tacaíocht ó rialtas na hEilvéise, ag cinntiú go mbeidh daoine in ann filleadh ar a mbaile, nó an ceantar ar
a laghad. Toradh athrú aeráide an tubaiste seo, agus teochtaí ag ardú tá na oighearshruthanna agus talamh síorshioctha sa cheantar ag leá. Dúradh sa tuarascáil is déanaí ar shláinte na oighearshruthanna san Eilvéis go mbeidh siad go léir imithe laistigh de chéad bliain, mura gcoimeádfar ardú teocht domhanda laistigh de 1.5 céim, sprioc atá caillte cheana féin, dar le saineolaithe.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
soláthar cúnaimh - provision of aid
stailc ocrais - hunger strike
ag bailiú cánach - collecting tax
idirbheartaíocht trádála - trade negotiation
intitim oighearshrutha - glacier collapse
talamh síorshioctha - permafrost
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.
Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí. I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad. Mar gheall ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte níos luaithe sa tseachtain. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach’ nó ‘cinedhíothú’, agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.
Tá fáilte curtha ag Gaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann roimh an gcinneadh tuairim is 100 comhartha dhátheangacha a chur suas i gContae an Dúin agus i gContae Ard Mhacha. Cé go raibh polaiteoirí Aontachtacha ina choinne le sé bliana, tá sé deimhnithe anois ag an dá chomhairle contae go mbeidh na comharthaí le feiceáil go luath. Leanann sé seo le polasaí na gcomhairlí contae an Ghaeilge a chur chun cinn. Úsáidtear comharthaí dátheangacha cheana féin ar fhoirgnimh údaráis áitiúil sna ceantair seo. Tagann an scéal seo ag an am céanna go bhfuil mic léinn ag Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh ag éileamh comharthaí Gaeilge ar an gcampas.
Tá painéal imreoirí roghnaithe ag bainisteoir fhoireann sacair ban na hÉireann, Carla Ward, don dá chluiche dheireanacha i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche in aghaidh na Tuirce thall in Iostanbúl an deireadh seachtaine seo chugainn, agus beidh siad ar ais sa bhaile an tseachtain dár gcionn in aghaidh na Slóivéine i gCorcaigh. Má tá seans ar bith acu críochnú ar bharr an ghrúpa, caithfidh siad an dá chluiche a bhuachaint. Tá Erin Healy, tosaí le Adelaide United san Astráil, ar an bpainéal den chéad uair riamh, chomh maith le Louise Quinn sula n-éireoidh sí as sacar gairmiúil go hiomlán. Go n-éirí go geal leis an mbeirt acu, agus leis an bhfoireann uilig.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
gorta - famine
gnóthaí daonnúla - humanitarian affairs
glanadh eitneach - ethnic cleansing
cinedhíothú - genocide
foirgnimh údaráis áitiúil - local authority buildings
gairmiúil - professional
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986 maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus í ag siúl abhaile tar éis seal ag obair i mbeár. Dé réir ráiteas a léigh a dhlíodóir, dúirt an tUasal Ó Sullivan “níl fearg orm, nílim searbh”. Agus í ag labhairt i ndiaidh na héisteachta, dúirt deirfiúr Sullivan, Kim Smith, “nach raibh an bua ag éinne” agus chuir sí comhbhá in iúl do mhuintir Iníon Uí Sindall.
Rinne Médecins San Frontières cáineadh ar Iosrael maidir le “tubaiste dhaonnúil d’aon ghnó” a chruthú agus chuir an carthanas iomardú ar Iosrael faoi chuidiú coinníollach ar easáitiú éigeantach na bPalaistíneach a chothú. “Tá muid inár bhfinnéithe, lom láithreach, ag cruthaíocht coinníollacha le deireadh a chur le saol na bPalaistíneach in Gaza,” a dhearbhaigh an charthúnacht leighis MSF. “Tá ifreann ar talamh cruthaithe in Gaza do na Palaistínigh.” Chuir Iosrael imshuí i bhfeidhm ar Gaza ar an 2 Márta nuair a theip ar chainteanna a bhí dírithe ar fad a chur le sos cogaidh agus Iosrael tar éis tús a chur le hionsaithe ar Gaza arís.
Mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge oíche Dé Luain seo a chuaigh thart. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, Edith Byrne, agus bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
breith - verdict
tromionsaí gnéasach - serious sexual assault
iomardú - reprimand
easáitiú éigeantach - obligatory displacement
finnéithe - witnesses
ilchumasach - multitalented
-
Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag de in 2014, agus cairdinéal de in 2023. Nuair a fógraíodh é tar éis an toghcháin, labhair sé in Iodáilís, in Spáinnís, agus i Laidin. Tá leid i rogha a ainm phápaigh go mbeidh an ceartas sóisialta ina théama tábhachtach dá phápacht. Tá cáil ar an bPápa Leo deireanach, a Trí Déag, as a imlitir Rerum Novarum, a chuir cearta an lucht oibre go lárnach i dteagasc na heaglaise Rómánaí.
Tá cluiche ceannais camógaíochta na Mumhan idir Corcaigh agus Port Láirge curtha siar ag Camógaíocht na Mumhan, mar tá an dá fhoireann ag diúltú scórtaí a chaitheamh. Bhi agóid eile faoin cheist an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d’fheistigh foirne Bhaile Átha Cliath agus Chill Cheannaigh chun cluiche ag caitheamh brístí gearra, acht bhí orthu na bristí gearra a athrú go scórtaí sular cuireadh tús leis an gcluiche. An babhta seo tá na himreoirí uilig go soiléir nach nglacfaidh siad leis na scórtaí in aon chur. Beidh comhdháil speisialta ag an gCumann Camógaíochta ar an dara lá is fiche den mhí seo, chun riail na scórtaí éigeantacha a phlé.
Bhuaigh Zhao Xintong craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield Dé Luain, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh. Bhuaigh sé ocht bhfráma dhéag in aghaidh a dó dhéag i gcoinne Mark Williams, iarchuradh ón mBreatain Bheag, sa chluiche ceannais; agus bhuaigh sé ar Ronnie O’Sullivan, duine de na himreoirí snúcair is fearr riamh, le seisiún le spáráil sa chluiche leathcheannais. Dar le máthair Zhao, toisc nach raibh sé ró-ard nuair a raibh sé ina ghasúr, bhí nós aige cleachtadh ag caitheamh scataí rollála, mar gheall ar na horlaí breise a thug siad dó.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ceartas sóisialta - social justice
imlitir - circular (letter)
scórtaí - skorts
Amharclann an Bhreogáin - the Crucible Theatre
iarchuradh - former champion
scataí rollála - roller skates
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an rialtas ag fiosrú gach cúis fhéideartha. Mar sin féin, tá polaiteoirí an fhreasúra ag cur an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite. Fágadh thart ar 55 milliún duine sa Spáinn, sa Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince gan leictreachas Dé Luain. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach.
Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap á fhiosrú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe tar éis físeáin a tháinig chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D’eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Tá litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.
Sna Toghcháin do Theach na dTeachtaí i gCeanada tá téarma eile i gcumhacht faighte ag an bPáirtí Liobrálach. Tá na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá, “Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin choíche.”
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
gearradh cumhachta - power cut
fuinneamh in-athnuaite - renewable energy
póilíní frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism police
feachtas smearaidh - smear campaign
a chur ó ardán - to deplatform
seilbh - possession
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey.
Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal é
den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmóine dúbailte sa deireadh. Bhí an Pápa, a bhí ochtó a hocht mbliana d’aois, ar an gcéad phontaif as Meiriceá Laidineach agus bhí cáil air, i measc rudaí eile, as dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí polaiteoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim aeráide agus as a bheith ina ghuth do na boicht. Bhí a láithreas poiblí deireanach ar an Domhnach nuair a thug sé beannacht na Cásca i gcearnóg Naomh Peadar. Tá Kevin Farrell, a rugadh i mBaile Átha Cliath, chun an Vatacáin a stiúradh go dtí go
dtoghfar pápa nua, rud a bhfuiltear ag súil leis sna seachtainí beaga amach romhainn.Tá tuairiscí ar an dara seomra comhrá Signal a úsáideadh chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe a phlé ag cur brú ar rúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, éirí as. I measc an chomhrá bhí Hegseth, a bhean chéile, a dheartháir agus timpeall dosaen duine eile. Sa chomhrá, tá sé i gceist gur roinn Hegseth sonraí faoi ionsaí na Stát Aontaithe ar reibiliúnaigh Yemeni Houthi an mhí seo caite lena n-áirítear sceidil eitilte, cosúil leis an méid a roinneadh sa chéad chomhrá Signal go poiblí an mhí seo caite. Chosain Trump Hegseth ag
ócáid chaitheamh Uibheacha na Cásca sa Teach Bán ag rá go raibh jab iontach á dhéanamh aige.É sin ráite, deir saineolaithe slándála gur féidir go mbeidh spiairí idirnáisiúnta ag díriú ar Hegseth anois.Fógraíodh rialacha nua maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar an tseachtain seo. Chuir ceann amháin díobh sin, go gcaithfidh an painéal moltóirí féachaint ar na scannáin ábhartha ar fad, fearg ar dhaoine nach raibh sé seo ina riachtanas cheana féin. Mar thoradh ar riail nua eile, go bhféadfaí scannáin atá ag brath ar Intleacht Shaorga a roghnú mar bhuaiteoirí, tá díospóireacht theasaí ar siúl, cé go bhfuil sé ráite ag an Acadamh freisin go measfadh sé rannpháirtíocht an duine sa phróiseas roghnúcháin. Tháinig fadhb chun cinn maidir le húsáid intleacht shaorga i scannáin bhuaiteacha tar éis é a úsáid chun an scannán The Brutalist a fhorbairt, go háirithe chun blas an phríomh-aisteora a fheabhsú nuair a labhair sé san Ungáiris. Tá béim curtha ag roinnt aisteoirí agus scríbhneoirí scáileáin ar an mbaol go gcaillfí saothar le intleacht shaorga agus go n-úsáidfí é chun mí-úsáid a bhaint as a n-íomhá féin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cliseadh croí - heart failure
tinneas riospráide - respiratory illness
sceidil eitilte - flight schedules
spiairí idirnáisiúnta - international spies
díospóireacht theasaí - heated debate
intleacht shaorga - artificial intelligence
-
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.
Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.
Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.
Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
sos cogaidh - truce
socrú síochána - peace settlement
bitheolaíoch - biological
sainmhíniú - definition
an Chaithréim Mhór - the Grand Slam
éacht - feat
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d’fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d’athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.
Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.
Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D’eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge’, de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
cion sa chion - tit-for-tat
borradh - boom, growth
coirloscadh - arson
coimhraiceoir dóiteáin - firefighter
comharthaí dátheangacha - bilingual signs
doicheallach - unwelcoming
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha. Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo.
In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d’éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas.
Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d’aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.”
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
i neasraon - at close range
olluaigh - mass grave
seabhac - hawk
sitheadh - swoop
ceannródaíoch - trailblazing
dianiomaíocht - intense rivalry
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathracha Sagaing agus Mandalay, braitheadh na creathanna ar fud na tíre agus chomh fada leis an tSín agus an Téalainn. Thit foirgneamh neamh-críochnaithe in Bangkok agus tá 81 oibrí ar iarraidh ann. Tá teannas polaitiúil i Maenmar ó tharla coup in 2021, tá smacht ag an rialtas ar na meáin agus an idirlíon sa tír agus tá sé deacair eolas a fháil mar thoradh air sin.
Tá focal Gaeilge agus roinnt focail ó Béarla na hÉireann i measc na bhfocal nua in uasdátú an fhoclóra cháiliúil an Oxford English Dictionary i mbliana. Tá an focal “ludraman” - litriú Béarla den fhocal liúdramán, le fáil san uasdátú, an míniú atá tugtha air ná “a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)". Tá samplaí úsáide den fhocal luaite ón úrscéal Ulysses agus roinnt sean-nuachtáin. Tá an focal ar fáil i bhfoclóir Gaeilge le fada anois ach i bhfoclóir agus úsáid nua-aimseartha tá an míniú "amadán" i bhfad níos coitianta ná "leisceoir". I measc na bhfocal a n-airítear ó Béarla na hÉireann tá “blaa”, “class”, “debs”, “mineral”, “morto”, “spice bag” agus “acting the maggot”.
Tá imní ar an Rialtas agus eacnamaithe Éireannacha faoi tháillí atá fógartha ag Donald Trump ar tháirgí cogaisíochta, agus an tionchar a mbeadh acu ar thionscal agus ar gheilleagar na hÉireann. Ní bheidh sonraí cinnte ar fáil go dtí an 2ú Aibreán ach dúirt Trump cheana go mbeidh táillí de 25% ar dhrugaí ag teacht isteach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Déanann Éire easportú de luach 72 billiún Euro go Meiriceá agus baineann táirgí cogaisíochta le 58 billiún Euro den mhéid sin. Tá cáin chorparáide an-íseal in Éirinn, ag 15%, a mhealann comhlachtaí domhanda móra isteach. Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
staid éigeandála - state of emergency
oibríocht tarrtháile - rescue operation
iarchreathanna - aftershocks
leisceoir - lazy person
táirgí cogaisíochta - pharmaceutical products
cáin chorparáide - corporation tax
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit. Idir an dá linn, thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine".
Tá an chéad taispeántas riamh sa Ghaeilge a reáchtáladh in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) oscailte. Insíonn an taispeántas Mná na hAthbheochana scéal na mban a chuir athbheochan ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí ról lárnach acu i mbunú na chéad Ghaeltachta uirbí agus na chéad scoile lán-Ghaeilge sna 1960idí déanacha agus sna 1970idí luatha. Bhí mná óga ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste thiar i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Dúirt Aoibhín McConnell, scoláire seacht mbliana déag d’aois ó Choláiste Feirste, go raibh sé “spreagúil” foghlaim faoi na mná a thug athbheochan ar an Ghaeilge."Tá labhairt na Gaeilge thar a bheith tábhachtach domsa agus do mo phobal," a dúirt sí. "Bhí mo mhamó ar dhuine de na daoine a bhunaigh an dara scoil lán-Ghaeilge agus an chéad cheann neamhdhominiceanach. "Is séadchomhartha iontach é dár n-oidhreacht agus don ról a imrímid laistigh de Bhéal Feirste mar phobal roinnte sa lá atá inniu ann." Dúirt sí go raibh sé tábhachtach ról na mban i stair na Gaeilge a cheiliúradh. "Tá cónaí orainn i sochaí atá go fóill an-phatrarcach, ach sílim go mbíonn ról na mban á mheas faoina luach go minic," a dúirt sí. "Bhí an ról is riachtanaí agus is tábhachtaí ag na mná in athbheochan na Gaeilge. Leanann siad orthu do mo spreagadh gach uile lá i ngach gníomh a dhéanaim féin mar Ghael óg."
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain
*
GLUAIS
sonas - happiness
tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster
athbheochan - revival
neamhdhominiceanach - non-dominican
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.
Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireannaigh as ucht na comhlachtaí sin a mhealladh. Ní raibh aon cheilt ag an Trumpach ach an oiread ar a naimhdeas leis an Aontas Eorpach, agus mar sin de ba bheag an t-iontas gurbh iad na taraifí an téama ba lárnaí ag an bpreasócáid san Oifig Ubhchruthach. Nuair a fuair an Taoiseach deis cainte, luaigh sé an caidreamh stairiúil idir an dá thír, agus dúirt sé gurb í an fhadhb is mó a bhí le réiteach in Éirinn ná an ghéarchéim tithíochta. Maidir leis na cogaí in Gaza agus san Úcráin, thug sé freagraí taidhleoireachta gan cur isteach ar an Uachtarán ná ar an Leas-Uachtarán, J.D. Vance, a rinne argóint phoiblí le déanaí le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy.
Bhí an Ghaeilge á labhairt den chéad uair riamh le linn Cheisteanna an Phríomh-Aire in Westminster an tseachtain seo. Luaigh ceannaire an SDLP, Claire Hanna, go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl anois, agus go bhfuil ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar na bacáin freisin. An méid sin ráite, lean sí uirthi ansin i mBéarla, agus mhol sí an Príomh-Aire, Keir Starmer, as caidreamh “cairdiúil agus dlúth” a chothú idir Éire agus an Bhreatain. Thug sí cuireadh dó freisin teacht go Béal Feirste an bhliain seo chugainn chun freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Ghabh an Príomh-Aire buíochas léi agus ghuigh sé Lá Fhéile Pádraig sona dóibh siúd a bheadh ag ceiliúradh na féile. Dúirt an SDLP gur gníomh “siombalach” don Ghaeilge é ráiteas a gceannaire.
Tá póilíní na Gearmáine sa tóir ar changarú a bhí caillte de réir dealraimh tar éis do thiománaí a chur in iúl go raibh sé ag léimneach síos an bóthar in aice le baile Sebnitz gar don teorainn leis an tSeicia. Tar éis an radharc neamhghnách a fheiceáil, ghlaoigh an tiománaí ar na póilíní agus chuir sé grianghraf chucu mar fhianaise. Ach faoin am a tháinig siad ar an láthair, bhí an cangarú imithe glan. Is beag eolas atá ar fáil faoin ainmhí, a dúirt na póilíní, ach an lá dár gcionn thuairiscigh bean go raibh cangarú áirithe ar iarraidh. In 2023, tharla oibríocht ollmhór póilíneachta i mBeirlín nuair a tuairiscíodh go raibh leon scaoilte ar shráideanna na cathrach. Chuir siad deireadh leis an gcuardach, áfach, tar éis dóibh anailís a dhéanamh ar an bhfíseán agus a thuiscint nach leon a bhí ann, ach torc.
taraifí - tariffsfreagraí taidhleoireachta - diplomatic answers
ar na bacáin - coming soon, in the pipeline
cuireadh - invitation
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.
Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air. BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt.
Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga.
Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO’Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
siondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndrome
creimirí - rodents
réamhthriail - preliminary trial
truailliú - pollution
foráil - clause (legal)
faillí - neglect
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabhairt do na Stáit Aontaithe, acht d’imigh sé gan réiteach tar éis na raice. Thosaigh siad ag
sáraíocht ar a chéile nuair a chuir Vance ina leith go raibh Zelenskyy ag cur dímheas orthu, agus chuaigh gach rud i gcúl ó shin; chuir Trump ina leith go raibh Zelenskyy ag dul sa seans leis an Tríú Cogadh Domhanda. Tharla an cruinniú i gcomhthéacs iarrachtaí Trump deireadh a chur leis an gcogadh
san Úcráin ar théarmaí i bhfad níos fearr don Rúis ná a bhí ar intinn ag an iar-rialtas Meiriceánach.Tá Seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu, agus leanfaidh sí ar aghaidh ar feadh seacht lá déag go dtí Lá Fhéile Pádraig. Beidh imeachtaí Gaelacha ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is deis iontach í an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Tharla an seoladh náisiúnta i mbaile Loch Garman Dé
Sathairn seo caite, agus beidh Lá na gCiorcal Comhrá ar siúl ar fud na tíre Dé Céadaoin an dara lá déag, i measc go leor imeachtaí eile. Téigh ar líne go snag.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge.Tá na cúig phláinéad chlasaiceacha le feiceáil sa spéir tráthnónta an deiridh seachtaine seo, chomh maith le hÚránas agus Neiptiún, an uair dheireanach roimh 2040 a mbeidh siad uilig le feiceáil le chéile. Tá Satarn go han-íseal i mbreo an chlapsholais, fiche nó tríocha nóiméad tar éis luí na gréine; tá
Mearcair beagán níos airde, Veineas níos airde fós, agus an-gheal; agus níos faide sa spéir ó luí na gréine tá Iúpatar agus Mars, a bhfuil dath dearg soiléir air. Ní féidir Úránas agus Neiptiún a fheiceáil gan déshúiligh nó teileascóp, agus tá fíor na spéire glan de dhíth le haghaidh Satarn agus Mearcair, agus bheadh déshúiligh cuidiúil dóibh freisin. Tá na trí cinn eile éasca. Téigh ar line go www.skyandtelescope.com chun léarscáil díobh uilig a aimsiú, agus guíonn muid spéir ghlan ar gach duine.*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phochraolta.
*
GLUAIS
ubhchruthach - oval
acmhainní mianra - mineral resources
seoladh - launch
breo an chlapsholais - the glow of twilight
déshúiligh - binoculars
fíor na spéire - horizon
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú.
Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d’fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige.
Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas".
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
balla dóiteáin - firewall
caibidlíocht - negotiation
dall - blind
máinlia na reitine - retina surgeon
ríora - dynasty
fionnachtain - discovery
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.
Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D’áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh éagsúla a bhaint de ranna rialtais. Ní faisnéis phoiblí é tuarastal Musk féin, chomh maith le fostaithe na roinne a bhainistíonn sé. Tháinig Musk go dtí an Teach Bán in éineacht lena mhac, X, chomh maith leis an Uachtarán Donald Trump, a shínigh ordú feidhmiúcháin an tseachtain seo á cheangal ar ghníomhaireachtaí comhoibriú le roinn Musk.
Tá moltaí á mbreithniú chun rialú an chórais tithíochta in Éirinn a athrú. Go háirithe, d’fhéadfadh an margadh cíosa athrú ón gcóras reatha “crios brú cíosa” go córas nua “cíos tagartha”. Faoin gcóras nua, chinnfí méaduithe cíosa trí thithe áitiúla den cháilíocht chéanna a bhreithniú. D’áitigh an Taoiseach go bhfuil gá le timpeallacht polasaí níos seasmhaí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Fuarthas amach i dtuarascáil ón gCoimisiún Tithíochta, a foilsíodh anuraidh, go raibh roinnt saincheisteanna ann maidir leis an gcóras reatha lena n-áirítear neamhchomhlíonadh, agus an difríocht idir cíosanna tionóntaí reatha agus tionóntaí nua. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith ag tionóntaí reatha mar thoradh ar an gcóras nua.
Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe dearbhú idirnáisiúnta ar AI a shíniú ag cruinniú mullaigh i bPáras an tseachtain seo. Geallann an ráiteas, atá sínithe ag go leor tíortha, lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSín, cur chuige “oscailte”, “uilechuimsitheach”, agus “eiticiúil” chun an teicneolaíocht a fhorbairt. Dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe nár síníodh é mar gheall ar imní faoi shlándáil náisiúnta agus rialachas domhanda. Dúirt LeasUachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, leis an gcruinniú mullaigh gur cheart tosaíocht a thabhairt do “bheartais AI ar son an fháis” thar shábháilteacht. Tagann sé seo tar éis na nuachta an tseachtain seo caite go bhfuil múnla AI cruthaithe ag comhlacht Síneach, DeepSeek, a tháirgeann aschur ar chostais níos ísle ná ChatGPT, a tháinig ó na Stáit Aontaithe.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Roinn Éifeachtacht an Rialtais - Department of Government Efficiency
síntí láimhe - kickbacks
crios brú cíosa - rent pressure zone
neamhchomhlíonadh - non-compliance
cruinniú mullaigh - summit meeting
aschur - output
-
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.
Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Mhínigh sé freisin gur chóir do na Palaistínigh imeacht go tíortha eile, amhail an Éigipt agus an Iordáin, rud a diúltaíodh go láidir sna tíortha seo. Ba mhaith le Trump go mbeadh Gaza ina "Riviera an Mheán-Oirthir," ach dhiúltaigh na Palaistínigh agus oifigigh Hamas go léir an plean go géar. Dúirt an Tánaiste go bhfuil réiteach dhá stáit riachtanach do mhuintir na Palaistíne agus Iosrael, agus d'aithin sé a imní faoi mholadh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, Gaza a "thógail".
Ba é Eanáir na bliana seo, an mhí seo caite, an mhí Eanáir is teo riamh ar an domhan, a deir eolaithe, rud a chuireann ceisteanna faoi luas an athraithe aeráide. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar El Niño, ach bhris an mhí seo caite taifead Eanáir 2024. Tá téamh na cruinne ag tarlú mar gheall ar astaíochtaí gásanna ó ghníomhaíochtaí daonna, ach níl eolaithe cinnte céard a rinne an mhí seo caite chomh te. Leanann sé seo sraith de thaifid teochta níos airde ó lár 2023. "Táimid ag briseadh taifid toisc go bhfuil níos mó gásanna ceaptha teasa san atmaisféar," a dúirt Gavin Schmidt, stiúrthóir Institiúid Goddard de chuid NASA. "Táimid ag iarraidh tuiscint a fháil ar na cúiseanna beaga atá ann." Faoi láthair, tá an chuid is mó taighdeoirí fós ag súil go mbeidh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024.
Tá Túr Grenfell i Londain, a scriosadh i dtine chraosach sa bhliain 2017, le bheith briste anuas. Maraíodh 72 duine sa tine, a scaip go gasta tríd an fhoirgneamh mar gheall ar chumhdach so-lasta. Tháinig fiosrúchán chun críche an mhí Mheán Fómhair seo caite, agus dúradh gur tháinig an tragóid as laigí ón rialtas. Dúirt an Leas-Phríomh-Aire Angela Rayner le hoidhreachtaí agus le teaghlaigh na n-iarrthóirí go bhfuil an cinneadh déanta ag an rialtas an foirgneamh a leagan chun talaimh. Beidh freagraí measctha ag an chinneadh seo. Tá roinnt daoine sa phobal sásta go mbeadh sé á bhaint síos. Ach tá daoine eile ag iarraidh go mairfeadh Túr Grenfell mar chuimhne ar an tragóid.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ráiteas neamhghnách - extraordinary statement
riachtanach - necessary
luas an athraithe aeráide - the speed of climate change
astaíochtaí gásanna - gas emissions
tine chraosach - conflagration
cumhdach so-lasta - flammable cladding
- Visa fler