Spelade

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Tá an tAontas Eorpach tar éis moltaí nua a fhógairt chun Prótacal Thuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm as seo amach. Faoi na moltaí, beidh sé i bhfad níos éascaí chun leigheasanna a iompórtáil sa Tuaisceart ón mBreatain; agus tá an tAontas Eorpach sásta ochtó faoin gcéad de sheiceanna ar earraí ag teacht i dtír ann ón mBreatain a sheachaint. Acht tá siad ag seasamh ar an ról eadránaithe atá ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an bPrótacal, rud a bhfuil rialtas na Ríochta Aontaithe go tréan ina choinne.

    Dár le páipéar a foilsíodh Dé Luain san iris Nature Sustainability, tá baol mór ag fás de thubaiste uafásach timpeallachta sa Mhuir Rua. Tá tancaer ola ann, an FSO Safer, atá faoi smacht na réabhlóidí Houthi in Éimín, le breis agus milliún bairille d’ola ar bord, agus atá ag titeamh as a chéile. Má dhoirtear an ola, scriosfar beatha muirí sa cheantar go hiomlán, agus cuirfear gorta agus ganntanas uisce ar na milliúin duine. Tá na Náisiúin Aontaithe i mbun idirbheartaíochta leis an ngluaiseacht Houthi agus rialtas Éimín faoin tancaer, acht níl aon réiteach bainte amach acu go fóill.

    Tá Paddy Moloney, an ceoltóir mór le rá, píobaire den scoth agus ceannaire ar an ngrúpa ceoil na Chieftains, tar éis bháis. Bhí sé ceithre scór is trí bliana d’aois. Bhí sé ag taisteal agus ag ceol ar fud an domhain leis na Chieftains ar feadh beagnach seasca bliain. Is iomaí gradam, Grammys san áireamh, a bhain siad amach, agus is mór an tionchar a bhí acu ar cheoltóirí traidisiúnta ar fud an domhain. Ar dheis Dé go raibh a anam.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    a chur i bhfeidhm - to implement

    ról eadránaithe - arbitration role

    Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - European Court of Justice

    beatha muirí - sea life

    ganntanas uisce - water scarcity

    san áireamh - included

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Thosaigh an chéad chéim eile de laghdú na srianta Covid-19 in Éirinn Dé hAoine, ach bhí roinnt athruithe ón mbunphlean athoscailte i gceist. Leis an bplean nua, beidh teanndáileog den vacsaín ar fáil do dhaoine níos sine na seasca bliain d'aois, bainfear úsáid níos leithne as na mearthástálacha antaigine agus leanfar le húsáid na dteastas digiteach le haghaigh Covid. Beidh mascanna fós riachtanach taobh istigh agus ar an gcóras iompar poiblí ach scriosadh uasteorainneacha ag imeachtaí taobh amuigh agus istigh fiú. Beidh srianta suíocháin fós i bhfeidhm don tionscal fáilteachais. Beidh na srianta seo i bhfeidhm go dtí Feabhra 2022.

    Díoladh cnámharlach trícheiratóip ar phraghas €6.65 milliún euro ag ceant i bParás an tseachtain seo caite. Is é "Seán Mór" an trícheiratóp is mó aithne ar domhan. Tháinig grúpa pailé-ointeolaithe ar na cnámha in South Dakota in 2014. Agus 60% den chnámharlach slán tá an iontaise seo an-annamh. Tá 200 píosa den iontaise, blaosc dhá mhéadar san áireamh, a chuir grúpa saineolaithe Iodálacha le chéile. Deir saineolaí ceant gurb úinéirí príobháideacha is cúis le hardú praghsanna d'iontaise dineasár. Is é an líon is mó airgid atá íoctha as iontaise, agus mar thoradh air sin tá iarsmalanna ag cailleadh deiseanna na hiontaisí seo a fháil don phobal mar ní féidir leo an costas a chlúdach.

    Dúirt Joe Biden go ndéanfaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá an Téaváin a chosaint i gcás ionsaí ón tSín. Ceaptar go bhfuil an ráiteas seo i gcoinne pholasaí eachtrach SAM ach deir urlabhraí ón Teach Bán nach bhfuil athrú polasaí i gceist. Tá dlí i bhfeidhm a deir go bhfuil ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an Têaváin a chosaint ach níl aon sonraí i gceist maidir le céard a dhéanfaí i gcás ionsaithe. Mhol rialtas na Síne do na Stáit Aontaithe gan an teachtaireacht mhícheart a thabhairt dóibh ach tá na Meiriceánaigh ag iarraidh cloí le polasaí ar a dtugtar "éiginnteacht straitéiseach".

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    teanndáileog - booster 

    mearthástálacha antaigine - rapid antigen tests

    uasteorainneacha - upper limits

    cnámharlach trícheiratóip - triceratops skeleton

    ceant - auction

    iontaise - fossil

    polasaí eachtrach - foreign policy

    éiginnteacht straitéiseach - strategic ambiguity

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes nár comhlíonadh dualgais reachtúla an chraoltóra náisiúnta le haghaidh freastal ar phobal na Gaeilge. Léirigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ceithre bliana ó shin nach raibh ach 0.7% de chláracha á gcraoladh ag RTÉ as Gaeilge. Ach dúirt an tArdstiúrthóir gur craoladh 700 uair a chloig anuraidh, timpeall 3% den sceideal. Lena chois sin, dúirt sí go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh ar chursaí pá idir craoltoirí ar Radio na Gaeltachta agus a gcomhghleacaithe i rannóga eile de RTÉ.

    Beidh comóradh á dhéanamh ar an deilf iomráiteach Fungi a raibh cáil mór air i mbaile an Daingin i gContae Chiarraí. Chaith Fungi 37 bliain ag mealladh turasóirí agus bhí baint mhór aige le forbairt thurasóireacht an Daingin. D’imigh Fungi as radharc i mí Dheireadh Fomhair 2020. Ba mhaith leis an bpobal teacht le chéile chun ceiliúradh agus ómós a thabhairt do Fungi. Ar an 17ú lá de mhí Dheireadh Fomhair beidh daoine ábalta dul ar thuras báid timpeall na bá saor in aisce agus is féidir leo síntiús a thabhairt do na Gardaí Cósta.

    Beidh an t-aisteoir William Shatner ag tabhairt aghaidh ar an spás an mhí seo. Bhain Shatner clú agus cáil amach mar Chaptaen James T Kirk sa chlár teilifíse Star Trek thiar sna seascaidí, agus rinne sé seacht scannán Star Trek idir 1979 agus 1994, ach ní raibh deis aige cuairt a thabhairt ar an spás go dtí seo. Is é an duine is críonna riamh ag 90 bliain a rachaidh ar turas go dtí an spás. Beidh sé ag taisteal ar an roicéad de chuid Blue Origin, comhlacht a bhunaigh úinéir Amazon Jeff Bezos sa bhliain 2000.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Ardstiúrthóir - Director-General

    dualgais reachtúla - statutory duties

    ómós - homage

    síntiús - donation

    iomráiteach - well-known

    úinéir - owner

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Táthar ag súil go dtiocfadh le druga trialach nua ráta cur in ospidéal nó fiú ráta báis mar gheall ar Covid-19 a laghdú faoina leath. Tugadh an táibléad d'othair a raibh an víreas orthu dhá uair sa lá agus bhí na torthaí chomh dearfach gur stop siad an triail go luath. Anois tá an comhlacht cogaisíochta ag iarraidh cead an druga a úsáid i gcás éigeandála. Seans go mbeidh an cógas nua seo éifeachtach in aghaidh cineálacha nua den víreas, agus deir an tOllamh Peter Horby ó Ollscoil Oxford go mbeadh dul chun cinn ollmhór i ndruga frithvíreasach béil atá sábháilte, inacmhainne agus éifeachtach.

    Theip ar shuíomh gréasáin Thuaisceart Éireann Díreach Dé Luain mar go ndearna an oiread sin daoine iarracht clárú don dearbhán £100 atá ar fáil do gach duine os cionn 18 sna Sé Chontae. Is é aidhm na scéime daoine a spreagadh chun siopadóireacht  a dhéanamh agus airgead a chaitheamh ina gceantar féin, ach caithfidh siad an dearbhán a úsáid roimh dheireadh mhí na Samhna. Meastar go bhfuil thart faoi 1.4 duine incháilithe don dearbhán, agus sa tslí sin, go gcuideofar leis an gheilleagar go mór.

    Tá craobh Chonradh na Gaeilge i Londain ag ceiliúradh 125 bliain ar an fhód i bpríomhchathair Shasana le sraith imeachtaí an fómhar seo. Beidh léiriú scannán de chuid Cartoon Saloon ar siúl, agus léachtaí le taighdeoirí a bhfuil obair déanta acu ar stádas na Gaeilge sa lá atá inniu ann, ach is é an comórtas ealaíne an t-imeacht is mó. Tá an comórtas oscailte do chách, agus iarrtar ar ealaíontóirí píosa a chruthú atá bunaithe ar sheanfhocal Gaelach, agus é a sheoladh chuig [email protected]. Roghnóidh ealaíontóir mór le rá Ciaraíoch na buaiteoirí, agus beidh £300 ann mar chéad-duais. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta na craoibhe.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    druga trialach - trial drug

    comhlacht cogaisíochta - pharmaceutical company

    dearbhán - voucher

    an geilleagar - the economy

    taighdeoirí - researchers

    seanfhocal Gaelach - traditional Irish proverb

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an 18ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Rinne gníomhaithe den ghrúpa comhshaoil ‘Insulate Britain’ agóidí ar feadh an M25 i Londain ar an gCéadaoin, ag cruthú moilleanna tráchta i rith an lae. Gabhadh breis agus seachtó agóideoir as ucht an mótarbhealach gnóthach a bhlocáil. Tá an grúpa ag éileamh go ngeallfaidh an rialtas tithíocht shóisialta a insliú roimh 2025 agus deir siad go leanfaidh siad ar aghaidh leis an ngníomh díreach go dtí go ndéanfaidh an rialtas iarracht níos fearr déileáil leis an ngéarchéim aeráide. Taispeánann físeáin den eachtra a scaipeadh ar líne tíománaithe ag impí ar an lucht agóide an bóthar a fhágáil. Rinne an grúpa céanna agóid ar an Luan nuair a cuireadh bac ar chúig acomhal den M25.

    Tá an t-amhránaí ceoil tíre, Garth Brooks, ag pleanáil sraith ceolchoirmeacha i bPáirc an Chrócaigh i 2022. Cé nach bhfuil sé fógraithe go hoifigiúil ag an staidiam nó ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, tuairiscítear go bhfuil an t-amhránaí ag beartú filleadh go hÉirinn i mí Mheán Fómhair. I 2014, fágadh díomá ar go leor dá lucht leanúna nuair a chuir Brooks cúig cheolchoirm ar ceal toisc gur dhiúltaigh Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath cead a thabhairt do níos mó ná trí ghig. Dúirt sé gur theastaigh an t-iomlán léir uaidh, sin nó tada, agus mar thoradh, eisíodh ceithre chéad míle aisíocaíocht.

    Bhuail Príomhaire na Spáinne, Pedro Sanchez, le ceannaire réigiúnach na Catalóine, Pere Aragonès, Dé Céadaoin chun réiteach a lorg ar ghéarchéim chríche na tíre. Tosaíodh na hidirbheartaíochtaí i mí Feabhra 2020, ach chuir an phaindéim Covid-19 isteach orthú. Is é aidhm na bplé ná chun teacht ar chomhaontú faoi chaidreamh na Catalóine leis an Spáinn. I 2017, sheol rialtas na Catalóine tairiscint ar neamhspleáchas ar theip air. Creideann roinnt lucht tacaíochta ar son neamhspleáchais nach bhfuil rialtas na Spáinne ag dul isteach sa phróiseas de mheon macánta.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gníomhaithe - activists

    moilleanna tráchta - traffic delays

    tithíocht shóisialta a insliú - to insulate social housing

    ceannaire réigiúnach - regional leader

    idirbheartaíochtaí - negotiations

    tairiscint ar neamhspleáchas ar theip air - failed bid for independence

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

    Bhuaigh beirt déagóirí as Corcaigh, Cormac Harris agus Alan O’Sullivan, an chéad duais ag comórtas eolaithe óga na hEorpa. Rinne an péire imscrúdú staitisticiúil ar mhinicíocht steiréitíopaí inscne i measc leanaí idir cúig agus seacht mbliana d’aois. Chomh maith leis sin, chuimhnigh said ar smaoineamh nua chun dul i gcoinne claonadh inscne. Bhí bua eile don tír ag Gregory Tarr, a tháinig sa tríú háit lena thionscadal teicneolaíochta a d’úsáid teicnící intleachta saorga chun físeáin “deepfake” a fheiceáil ar líne. Úsáideann na físeáin “deepfake” seo íomhánna d’imeachtaí bréige chun bréagaisnéis a scaipeadh ar líne. Ó shin i leith, bhunaigh Gregory tionscnamh darbh ainm Inferex, a bhainfidh úsáid as a shamhail.

    Bhuail ceannairí domhanda le chéile Dé Luain, ag an séú tionól ginearálta is seachtó de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Ina óráid, d’fhógair Joe Biden go mbeadh na Stáit Aointaithe ag dúbailt a gcuid maoinithe airgeadais aeráide go haon billiún dollar in aghaidh na bliana. Thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, foláireamh nach raibh an domhan faoi bhagairt níos mó riamh agus dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, gurb é an téama láidir a bhí ag teacht chun cinn ná go bhfuilimid ag díriú isteach sa duibheagán ar athrú aeráide. D’iarr an Talaban labhairt leis na ceannairí domhanda freisin. Ach ní dócha go dtiocfaidh an coiste a dhéanann measúnú ar dhintiúir na rannpháirtithe le chéile sula mbeidh an tionól críochnaithe an tseachtain seo chugainn.

    Bhuaigh príomh-aire Cheanada, Justin Trudeau, an toghchán náisiúnta an tseachtain seo den tríú huair. Cé gur bhuaigh a pháirtí, na Liobrálaigh, an líon is mó suíochán, níor éirigh leo tromlach parlaiminte a bhuachan. Níor éirigh leis an toghchán cumhacht na gCoimeádaithe, an páirtí freasúra is mó, a laghdú. Bhuaigh na Coimeádaithe an vóta coitianta, agus bhuaigh na páirtithe freasúra níos lú eile, an Páirtí Daonlathach Nua agus agus na Glasaigh san áireamh, níos lú vótaí ná mar a bhíothas ag súil leis. Dhírigh óráid bua Trudeau ar an bpaindéim. Luaigh sé go bhfuair sé “mandáid shoiléir” chun an tír a stiúradh tríthi.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    eolaithe óga - young scientists

    minicíocht - frequency

    claonadh inscne - gender bias

    bréagaisnéis - disinformation

    tionól ginearálta - general assembly

    toghchán náisiúnta - national election

    freasúra - opposition

    mandáid shoiléir - a clear mandate