Avsnitt

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.

    Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.

    Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.

    Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc’ ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d’aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    lamháltais - concessions

    bac cabhlaigh - naval blockade

    tréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting period

    ginmhilleadh - abortion

    toirmeasc - prohibition

    suíomhanna cearrbhachais - gambling sites

    compánaigh intleachta saorga - AI companions

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.

    Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.

    I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D’úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d’fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d’iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.

    Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d’aip phodchraolta.

    líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abuse

    marthanóirí - survivors

    an Roinn Bonneagair - Department for Infrastructure

    go huathoibríoch - automatically

    babhta díbeartha - elimination round

  • Saknas det avsnitt?

    Klicka här för att uppdatera flödet manuellt.

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír. Sa litir, dúirt sé nach maith le muintir na Rúise dróin ná diúracáin na hÚcráine, nach maith leo ganntanas gásailín ná síorbholscaireacht ná síorshrianta, nach maith leo an slógadh nua atá ar intinn ag Putin, agus nach maith leo nach bhfuil aon deireadh leis an gcogadh le feiceáil. Dúirt sé go bhfuil arm na Rúise ag cailleadh tríocha míle saighdiúir in aghaidh na míosa, maraithe nó gortaithe go dona; agus go bhfuil a shaol fhéin luachmhar do Putin. Dúirt sé go bhfuil an aois ag tosnú cur isteach ar Putin, go méadfaidh an tuirse leis, agus nuair a thagann tuirseach ar an Rúis, tagann athruithe. Dúirt Putin go raibh an litir drochbhéasach, nach raibh aon chúis le cruinniú faoi láthair, agus gur cheap sé nach raibh an litir ag iarraidh cruinniú déthaobhach a eagrú.

    I Neipeal, tháinig Dawa Sherpa slán ó Shliabh Everest tar éis sé lá ina aonar go hard ar an sliabh, ar an dara lá dá shochraid a bheith ar siúl sa bhaile. Fágadh ina aonar é nuair a thóg sé sos ag teacht anuas thart ar 7,500 méadar, acht dúirt sé gur theip ar a chuid ocsaigin, agus ansin ní raibh sé in ann siúl a thuilleadh. Níor ith sé tada ar feadh dhá lá, agus ansin thosaigh sé ag mungailt leac oighir go crua, acht thug sé sin pian ina fhiacla dó. Ansin d’aimsigh sé seacláid ina phóca, a d’ith sé, acht ina dhiaidh sin thit sé isteach i gcreabhás. Ní raibh sé in ann dreapadh as ar feadh dhá lá go leith, go dtí gur thit maidhm shneachta isteach air, ionas go raibh sé ábalta éalú as an gcreabhás ar an sneachta. Ansin ba bheag nár chuir maidhm shneachta eile bac air, acht lean sé ar aghaidh tríd an sneachta agus tríd an oíche, go dtí go bhfacthas é ag crúbadach go mall síos go dtí an bunchampa, agus iompraíodh go sábháilteacht é. Dúirt a bhean chéile, Damu Sherpa, gur baineadh geit ollmhór aisti nuair a chonaic sí é arís den chéad uair, nach raibh sí in ann a chreideamh cén chaoi ar tháinig sé slán in aon chur, agus go raibh súil aici nach dtarlódh a leithid sin de dhochraide d’éinne eile. Dúirt a iníon, Mhendo Lhamo Sherpa, go raibh áthas orthu.

    Bhí bua iontach ag foireann sacair na mban na hÉireann i gcoinne na hÍsiltíre oíche Dé hAoine i bPáirc Uí Chaoimh, i gcluiche cáilithe don Chorn Domhanda. Fuair Kyra Carusa an chéad cúl d’Éirinn sa chéad leath, sula bhfuair Dominique Janssen cúl an chomhscóir don Ísiltír ó chic éirice le thart ar fiche nóiméad fágtha. Chuir Abbie Larkin Éire chun tosaigh arís, roimh chúl an chomhscóir eile ó Victoria Pelova. Acht sa nóchadú nóiméad, fuair Amber Barrett ó Dhún na nGall scór an bhua, agus bhrúcht Páirc Uí Chaoimh le ceiliúradh. Tá cluiche cáilithe amháin fágtha ag Éirinn, i gcoinne na Fraince Dé Máirt seo chugainn, agus má éiríonn leo, gheobhaidh siad cáiliú díreach chuig an gCorn Domhanda sa Bhrasaíl an bhliain seo chugainn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cruinniú mullaigh - summit meeting

    síorbholscaireacht ná síorshrianta - constant propaganda or restrictions

    creabhás - crevasse

    maidhm shneachta - avalanche

    cluiche cáilithe - qualifying match

    cúl an chomhscóir - the equalising goal

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008

    Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire.

    Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gearánach - complainant

    cúiseamh éignithe - accusation of rape

    leáiteach - melting

    meánteochtaí - average temperatures

    buabhall ailbíneach - albino buffalo

    dos gruaige - tuft of hair

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an ceathrú lá is fiche de mhi Bealtaine, Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ni Loinsigh

    Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.

    Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d’Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.

    Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D’admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d’fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.

    Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.

    Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b’éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D’fhág an long darb ainm ‘Ambition’ Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comh-aireacht - cabinet (politics)

    feisire - MP

    earnáil craoltóireachta - broadcasting sector

    léargas - insight

    cúram éigeandála - emergency care

    iniúchadh - investigation

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.

    Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987, le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.

    Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ráig - outbreak

    creimirí - rodents

    an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisation

    maoiniú - funding

    logainmneacha - placenames

    frith-Éireannach - anti-Irish

    craoltóir - broadcaster

    rialtóir - controller

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz an cogadh leis an Iaráin. Tá láithreacht mhíleata láidir ag na Stáit Aontaithe sa Ghearmáin ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus thart ar tríocha cúig míle saighdiúir ann faoi láthair. Ag an am chéanna, níor thángthas ar réiteach go fóill le deireadh buan a chur leis an chogadh, agus mharaigh ionsaithe Iosraelacha dháréag sa Liobáin le cúpla lá anuas.

    Tá albam úr Kneecap FENIAN ar fáil ó inné, Lá Bealtaine. Rinne siad an t-albam leis an léiritheoir ceoil mór le rá Dan Carey, a d'oibrigh le grúpaí ar nós Fontaines DC agus Franz Ferdinand roimhe seo. Tagann an ceirnín úr i ndiaidh cúpla bliain de chonspóid, agus Mo Chara ag dul i ngleic le cúiseamh go raibh sé ag tacú le grúpaí toirmiscthe. Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil go mór san albam nua, agus rapálaí Palaistíneach le cluinstin in amhrán amháin, ach tá téamaí níos pearsanta ann fosta, agus críochnaíonn an t-albam le traic in ómós do mháthair Móglaí Bap, a fuair bás sa bhliain 2020.

    Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimh Sabastian Sawe ina bhaile dúchais sa Chéinia an tseachtain seo, i ndiaidh dó Maratón Londan a bhuachan agus curiarracht úr taobh istigh de dhá uair an chloig a bhaint amach. Tugadh fleasc traidisiúnta agus deoch de bhainne coipthe ag an aerfórt, agus dúirt Sawe leis an tslua gur leis an phobal ar fad an bua seo. Ina dhiaidh sin, tugadh duaiseanna eile dó ag fáiitiú mór in áras Uachtarán na Céinia. Tá clú agus cáil ar reathaithe na Céinia, agus bhí seanmháthair Sawe féin páirteach ag na Cluichí Oilimpeacha in München sa bhliain 1972.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    achrann - spat

    comhghuaillí - ally

    grúpaí toirmiscthe - proscribed groups

    fáilte an ghaiscígh - a hero's welcome

    fleasc - wreath

    bainne coipthe - fermented milk

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán.

    Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth, bíonn sé deacair ar pháirtithe an Rialtais fothoghcháin a bhuachan. Mar sin féin, ní athróidh na torthaí mórán sa Dáil. Tabharfaidh na toghcháin seo léargas dúinn ar thuairimí na ndaoine tar éis na n-agóidí breosla le déanaí.

    Bhuaigh Manchester City 1-0 in aghaidh Burnley ag Turf Moor le linn na seachtaine, bua a d'fhág go bhfuil siad chun tosaigh ar Arsenal den chéad uair le sé mhí anuas. Ba é an t-urchar luath ó Erling Haaland—an fichiú cúl aige an séasúr seo—an t-aon chúl sa chluiche. Cé gur bhuaigh siad, bhí imní ar lucht leanúna City mar nár thapaigh an fhoireann go leor deiseanna eile chun an cluiche a chur chun deiridh. Maidir le Burnley, is toradh tubaisteach é seo; tá sé deimhnithe anois go mbeidh siad dícháilithe ón Phríomhshraith. Tá an rás don teideal gor ar ghob. Tá 70 pointe ag City agus Arsenal chomh maith agus tá difríocht na gcúl mar an gcéanna acu freisin. Mar sin féin, tá City sa chéad áit mar gheall ar an líon iomlán cúl atá scóráilte acu. Níl ach cúig chluiche fágtha sa tséasúr.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    síneadh - extension

    bonneagar - infrastructure

    fothoghchán - by-election

    agóidí breosla - fuel protests

    urchar - shot

    an Phríomhshraith - the Premier League

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach.

    Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”.

    Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    toghchán parlaiminte - parliamentary election

    tubaiste toghcháin - electoral disaster

    dornán tíoránach - a handful of tyrants

    diagacht Chríostaí - Christian theology

    cumadóir amhrán - songwriter

    fuaim sainiúil - unique sound

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.

    Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d’éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna díosail agus peitril ag ardú go mór, agus Caolas Hormuz fós dúnta. Tá rabhadh tugtha ag daoine eile sa phobal feirmeoireachta freisin go n-ardóidh praghas an bhia má leanann ardú praghsanna, mar gheall ar úsáid breosla san fheirmeoireacht. Tráthnóna Dé Máirt, tháinig trucailí agus tarracóirí isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus lean na hagóidí ar aghaidh thar oíche agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Cháin an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín an lucht agóide as carrchlós a dhéanamh de Shráid Uí Chonaill, ach dúirt sé go leanfadh sé de bheith ag plé le grúpaí ionadaíochta tionscail.

    Tá treoraithe Everest cúisithe ag póilíní Neipeal as roinnt camscéimeanna a bhain le dreapadóirí. Ina measc tá drugaí a thabhairt do dhreapadóirí i ngan fhios dóibh ionas go mbeadh orthu iad a tharrtháil, le billí bréige thart ar fiche milliún dollar gearrtha ar na dreapadóirí agus ar árachóirí. Chuir daoine eile púdar bácála ina mbia ionas go mbeadh tinneas goile ar dhreapadóirí, rud a bhaineann le tinneas airde de ghnáth. I ndiaidh na dtarrthálaithe héileacaptair, bhronnaigh cuid acu na doiciméid taistil agus cóireála leighis chun cistí breise a éileamh ó árachóirí taistil eachtracha. Deirtear gur bhuail na camscéimeanna seo thart ar cheithre mhíle seacht gcéad dreapadóir. Tá stair ag an gcineál seo eachtra i Neipeal. Fuarthas amach i bhfiosrúcháin roimhe seo go raibh taistealaithe páirteach sna camscéimeanna uaireanta.

    D’fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá sos cogaidh leis an Iaráin oíche Dé Máirt, ach faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí comharthaí ann cheana féin go raibh sé ag titim as a chéile. Dé Máirt, chomhaontaigh an dá thír, agus Iosrael, sos cogaidh coicíse, níos lú ná dhá uair an chloig roimh an am a dúirt an tUachtarán Donald Trump go scriosfadh sé an tír. Cé go raibh Iosrael i measc na dtíórtha, dúirt an Príomh-Aire Netanyahu nach raibh an Liobáin san áireamh ann agus ina dhiaidh sin sheol sé ionsaithe ar an Liobáin. Dúirt an Iaráin gur bhris sé seo ceann de théarmaí a sos cogaidh, agus gur briseadh dhá théarma eile, lena n-áirítear lainseáil dróin isteach in aerspás na hIaráine. Thuairiscigh roinnt láithreáin nuachta gur chinn an Iaráin Caolas Hormuz a dhúnadh arís dá bharr, cé gur shéan na Stáit Aontaithe é seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    breosla - fuel

    tarracóirí - tractors

    treoraithe - guides

    camscéimeanna - scams

    dreapadóirí - climbers

    árachóirí - insurers

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin Aontaithe agus Amnesty International gur dlí leatromach atá i gceist - go teoiriciúil d'fhéadfaí an dlí a úsáid in aghaidh daoine Iosraelacha ach ní tharlóidh sin mar caithfidh gur “stad a chur l’eiseadh an stáit Iosraelach” é cuspóir an ionsaí. Deir saineolaí go mbeidh coir chogaidh i gceist le gníomhú an achta agus go dtugann sé cumhacht ollmhór do stát Iosrael Palaistínigh a marú laistigh den dlí, gan triail chóir.

    Láinseáil Artemis II Dé Céadaoin, misean tábhachtach i stair an taistil sa spás. Is é seo an chéad uair ó 1972 go bhfuil daoine chun taisteal lasmuigh d'fhithis an domhain agus chun eitilt trasna na gealaí. Mairfidh an turas 10 lá, leis an spásarthach ag taisteal timpeall na gealaí, ag úsáid dhomhantarraingt na gealaí chun éifeacht imtharraingthe, nó “slingshot”, a chruthú agus iad a sheoladh ar ais chuig an domhan. Má tá rath acu, beidh siad ag taisteal níos faide ón domhain ná a thaistil aon duine riamh, timpeall 402,000 ciliméadar. Ar an gcriú beidh an chéad bhean, an chéad duine de dhath agus an chéad duine nach Meiriceánach iad chun taisteal chuig an ngealach. Tá an misean seo ag ullmhú le haghaidh leaindeáil gealaí pleanáilte ag NASA don bhliain 2028. Tá an spásarthach deartha le haghaidh níos mó ná turas amháin, agus an sprioc acu bunachar taighde buan a chruthú ar an ngealach. Le roinnt moille, brú ó Trump agus fadhbanna eile i rith an tionscnaimh, tá sceipteachas faoin amlíne seo. Tá roinnt comórtas i gceist mar tá leandáil gealaí a phleanáil ag an tSín ag an am céanna.

    In Éirinn, tá bacainn eile tagtha ar thógáil an Metrolink, agus an Stiúrthóir Tionscnaimh Seán Sweeney tar éis éirí as. Tionscnamh cáiliúil nó mícháiliúil é an Metrolink. Tá bealach díreach á chruthú idir lár Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort mar cheann de príomhspriocanna an tionscnaimh. Moladh é den chéad uair in 2001, agus tháinig athruithe ollmhóra agus réimse dúshlán ar an tionscnamh le 25 bliain anuas, agus costas measta 11 billiún euro air ag an bpointe seo. D’éirigh Séan Sweeney as a ról le linn na seachtaine ar son a theaghlaigh, a bhfuil ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, dúirt se go raibh sé neamh-inbhuanaithe a bheith ina chónaí chomh fada uathu. Tar éis blianta d'fhadhbanna pleanála, dlí agus airgeadais tá imní ar an bpobal go mbeidh moill eile mar thoradh den athrú seo. Deir Príomhfheidhmeannach Metrolink Lorcan O’Connor go bhfuil muinín aige nach gcuirfidh an bacainn seo le moill an tionscnaimh, agus go bhfuil tógáil réidh le tosú in 2027, leis an tseirbhís a chur i bhfeidhm i lár na 2030idí.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    pionós an bháis - the death penalty

    réamhshocraithe - default

    gan triail chóir - without a fair trial

    fithis an domhain - the earth's orbit

    domhantarraingt na gealaí - the moon's gravity

    mícháiliúil - infamous

    neamh-inbhuanaithe - unsustainable

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála i gcoinne na nIaránach an tseachtain seo caite mar gheall ar an ndúnadh i gCaolas Hormuz, ach ansan tharraing sé siar an bhagairt agus dúirt sé go raibh na hIaránaigh i mbun comhráite; shéan na hIaránaigh é so go láidir an lá ina dhiaidh san. Tá na Iosraelaigh ag seoladh trúpaí isteach sa Liobáin
    chomh maith, agus iad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh crios maolánach a chruthú idir Iosrael agus forsaí Hezbollah. Ach de réir Amnesty International, tá Iosrael ag dul in aghaidh an dlí idirnáisiúnta leis an ionradh so.

    Dheimhnigh giuiré cúirte in Los Angeles go bhfuil ar Google agus Meta $3 mhilliún a íoc le bean óg a dúirt go raibh sí gafa lena gcuid meán sóisialta. Mhaígh an bhean gur cúis andúile iad na meáin shóisialta mar gheall ar an ndearadh atá orthu, seachas na hábhair atá orthu. De réir na mná, bhí na comhlachtaí Google agus Meta ag iarraidh daoine óga ach go háirithe a mhealladh leis an ndearadh andúile so. Bhí sí chun cás cúirte a thosnú in aghaidh Snap agus TikTok chomh maith, ach dhein na comhlachtaí san réiteach léi roimh ré. Dúirt Meta nár aontaíodar leis an gcinneadh agus go mbeidís ag féachaint anois ar na roghanna atá acu. Tá seans go mbeidh tionchar mór ag an gcás so ar fud na cruinne. Níl cead ag daoine óga dul ar na meáin shóisialta san Astráil le cúpla mí anois, agus tá go leor tíortha eile ag plé cosc a chur sa dlí chomh maith.

    Bhí díomá ollmhór ar fud na hÉireann tráthnóna Déardaoin nuair a chaill foireann sacair Phoblacht na hÉireann in aghaidh Phoblacht na Seice tar éis ciceanna pionóis agus nuair a bhí an lámh in uachtar leis na hIodálaigh in aghaidh Thuaisceart
    Éireann. Bhí Poblacht na hÉireann ag iarraidh dul go dtí an Corn Domhanda den gcéad uair ón mbliain 2002 agus ní fhéadfaidís tús ní b'fhearr a bheith acu nuair a scóráladar dhá chúl laistigh de 23 nóiméad, ceann amháin ó Troy Parrott agus an ceann eile ó chúl tuathail. Ach cúpla nóiméad tar éis sin, fuair na Seicigh cúl ó chic pionóis eile agus ansan ag deireadh an chluiche tharraingíodar cothrom. Ní raibh cúl ar bith san am breise agus ansan bhuaigh na Seicigh 4–3 sna ciceanna pionóis. Ní raibh cúrsaí ní b'fhearr san Iodáil, nuair a chaill an fhoireann óg ó Thuaisceart Éireann 2-0 in aghaidh na hIodáile. Agus leis sin, tá deireadh leis an mbrionglóid ar feadh ceithre bliana eile. I
    scéalta spóirt eile an tseachtain seo, chaill an Cumann Lúthchleas Gael duine desna craoltóirí is ansa lena lucht féachana: d'éag Michael Lyster, láithreoir ar an Sunday Game ar feadh 30 bliain, ag an ndeireadh seachtaine. Bhí sé 71 bliain d’aois. Suaimhneas síoraí dá anam.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    bagairt buamála - threat of bombing

    crios maolánach - buffer zone

    cúis andúile - cause of addiction

    dearadh - design

    cúl tuathail - own goal

    tharraingíodar cothrom - they equalised

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain.

    Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d’aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners.

    Tráthnóna Dé hAoine, d’fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d’aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman’s Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O’Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O’Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    faoi dhliteanas pearsanta - personally liable

    cúiseamh - accusation

    scéinséir - thriller

    anord galánta - beautiful chaos

    neamhaí - heavenly

    ball bunaidh - founding member

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei.

    I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir.

    Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d’aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Caolas Hormuz - the Strait of Hormuz

    geilleagar an domhain - the global economy

    d'aon ghnó - on purpose

    Seirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Service

    eagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisation

    Ard-Mhaor - Grand Marshal

  • Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír.

    Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d’ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go ndíolfadh sé an loch ar an phraghas cheart ach tá sé míshásta anois go gcuireann daoine áirithe an locht airsean agus go dtugtar “bithiúnach” air. Rinne sinsear an iarla, an Ridire Arthur Chichester, sléacht sa cheantar timpeall an locha sa seachtú haois déag, agus tá an loch an seilbh an teaghlaigh ó shin i leith.

    Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus an iliomad imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain. I measc na n-imeachtaí beidh rití páirce, seisiúin scéalaíochta, maidineacha caife, ranganna damhsa, taispeáintí scannáin, oícheanta biongó agusneart deiseanna eile an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt. Is féidir an liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil ar scéal.ie. Is iad na ceoltóirí Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ón ghrúpa IMLÉ ambasadóirí na féile i mbliana. Tiocfaidh an fhéile chun deiridh Lá Fhéile Pádraig.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Murascaill na Peirse - the Persian Gulf

    sibhialtach - civilian

    bunáiteanna míleata - military bases

    bithiúnach - villain

    sléacht - slaughter

    rití páirce - park runs

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair a reachtáladh é sa chathair le tríocha bliain. Lá suntasach a bhí ann don eagraíocht nuair a ghlac mórchuid de na baill gur chóir go mbeadh an Conradh i lár an aonaigh maidir le deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann. Tagann an fógra seo ag am cinniúnach don teanga, dar leis an taighdeoir Róisín Nic Liam, a thug rabhadh go mbeidh an Gaeilge i mbaol mura n-athraíonn meon an phobail agus muid ag druidim le comhaontú na tíre. I measc na n-abhár eile a pléadh, glacadh freisin le rún a éilíonn gníomh ó Stát na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus moltaí ón gConradh agus ó eagraíochtaí ar nós Bánú a chur i bhfeidhm. Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ngníomhaí cearta Fergus Ó hÍr as a chuid éachtaí thar na blianta, lena n-áirítear a sheasamh in aghaidh na mBlocanna H agus a cheannaireacht ar Raidió Fáilte.

    Níl an dara rogha ag foireann sacair na hÉireann ach a gcluichí i Sraith na Náisiún in aghaidh Iosrael a chomhlíonadh. Sin de réir Phríomhfheidhmeannach Cumann Sacair na hÉireann (an FAI) David Courell, i ndiaidh an fhógra go n-imreofaí cluiche baile i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tuigeann an FAI go mbeidh an cinneadh seo deacair ar go leor den lucht tacaíochta, a deir a ráiteas, ach caithfidh siad cloí le rialacha UEFA nó glacadh leis an mbaol dícháilithe. Thacaigh gnáthbhaill FAI roimhe seo le rún ag iarraidh go gcuirfí Iosrael ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Bhí ráflaí ann go n-imreofaí an cluiche thar lear, ag cur san áireamh an teannas idir an dá thír agus an imní faoi chúrsaí slándála. Tuigtear, áfach, go bhfuil na Gardaí sásta nach mbeidh aon fhadhb ann. Níl a fhios fós cad a dhéanfaidh daoine mar fhreagra, ach is féidir a bheith ag súil le baghcat nó le hagóid ag an Staid Aviva ar an oíche.

    Tá Seachtain na Gaeilge 2026 beagnach buailte linn, agus chun an ócáid ​​a cheiliúradh, beidh dhá scannán as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Beidh lucht féachana Cúla4 ar bís faoi fhilleadh carachtair bhuí áirithe ar an scáileán mór sa scannán beochana SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? San eachtra nua seo, caithfidh SpongeBob a chrógacht a chruthú dá leathbhádóir, an tUasal Krabs, agus an bheirt acu sa tóir ar thaibhse fíochmhar. Más rud é go bhfuil tú ag lorg rud eicínt níos dorcha, áfach, is féidir leat dul chuig Báite, scéal noir atá suite sna seachtóidí, ina dtagann rúin ghránna chun solais tar éis corp a fháil i loch. Ba é Ruán Magan, deartháir Manchán, a stiúir an scannán, bunaithe ar an úrscéal The Lake, le script ón údar céanna, Sheena Lambert. Tá ardmholadh faighte ag Báite on eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, a deir go bhfuil sé “fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair”, le béim láidir ar shaibhreas scéalaíochta na Gaeilge.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    críochdheighilt - partition

    rún - resolution

    baol dícháilithe - risk of disqualification

    ar fionraí - suspended

    leathbhádóir - partner

    eagarthóir coimisiúnaithe - commissioning editor

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid an iarphrionsa á gcuardach ag na póilíní, an áit a mbíodh cónaí air in Windsor ina measc. Baineann an scéal lena bhfuil i ríomhphoist a líomhnaitear a sheol Mountbatten-Windsor agus ciontóir gnéis Jeffrey Epstein chuig a chéile – i measc cáipéisí eile – agus ar foilsíodh go leor acu le gairid. Bhí Mountbatten-Windsor ina ionadaí speisialta trádála agus infheistíochta ag Rialtas na Breataine idir 2001 agus 2011 agus líomhnaítear gur thug sé eolas a bhí faoi rún do Jeffrey Epstein – ar infheisteoir proifisiúnta é – i gcaitheamh an achair sin. Chomh maith leis an líomhain sin, tá sé tugtha le fios ag póilíní Ghleann na Tamaise go bhfuil siad ag breathnú ar líomhain gur sheol Epstein bean óg go Sasana le mianta collaí an iarphrionsa a shásamh. Is é Mountbatten-Windsor an t-ochtú duine i líne chomharbais na Breataine.
    Tá Rialtas na hÉireann aontaithe go foirmiúil go n-oibreoidh siad go gníomhach le ballstáit an Aontais Eorpaigh chun roghanna a iniúchadh le srianta aoise a thabhairt isteach ar úsáid na meán sóisialta, ag díriú go háirithe ar dhaoine faoi bhun 16 bliana d'aois. Beidh Éire ag abhcóideacht go láidir anois ar son cinneadh maidir le haois úsáide na meán sóisialta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach tá sé ráite fosta go ngníomhóidh sí go náisiúnta más gá. Tá 'Straitéis Dhigiteach agus Intleacht Shaorga' nua á plé ag airí an Rialtais. Cuirfidh an plean seo béim láidir ar shábháilteacht ar líne agus féachfaidh sé ar shrianadh a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine óga trí fhíorú aoise. Mar sin féin, tá rabhaidh ann go gcaithfear é seo a dhéanamh le stáit eile an AE chun a sheachaint go gcuirfidh na cúirteanna deireadh leis. Tuigtear go bhfuil Éire aontaithe leis an Fhrainc ar an cheist seo, agus go bhfuil sé mar phlean acu reachtaíocht a thabhairt isteach ar dtús agus an córas fíoraithe aoise á fhorbairt amach anseo. Ní hé seo ach ceann amháin de 90 beart sa straitéis nua a bhfuil sé mar aidhm aici mol digiteach idirnáisiúnta a dhéanamh d'Éirinn le coimircí rialála láidre.
    Tá An Post ag déanamh ceiliúradh ar gheansaithe cáiliúla Árann agus stampaí nua seolta acu an tseachtain seo caite. Beidh stampa náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil agus dhá dhearadh ar leith leis an mhaisitheoir Sally Caulwell orthu. Ar an stampa náisiúnta, léirítear na bioráin chniotála agus an ceirtlín olla agus an geansaí á chniotáil. Ar an stampa idirnáisiúnta, tá an geansaí críochnaithe le feiceáil. Deir An Post go dtugtar “léargas ar an cheird féin” sna stampaí agus go gcuirfidh siad “sárcheardaíocht na hÉireann os comhair an domhain mhóir”. “Tá geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le glúnta anuas. Ceiliúrann an tsraith stampaí seo oidhreacht shaibhir na n-oileán agus an scil a bhaineann leis an gceardaíocht. Léiríonn sí freisin an spéis leanúnach atá ag lucht faisin idirnáisiúnta i bhfaisin atá inbhuanaithe agus buan,” a dúirt Julie Gill ó An Post. “Tá borradh úr faoin stíl arís anois, agus lúthchleasaithe na hÉireann ag caitheamh earraí cniotála traidisiúnta Árann ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Milano agus Cortina faoi láthair. “Cuireann an eisiúint seo béim shoiléir ar fhaisean inbhuanaithe. Déantar geansaithe Árann as olann atá 100% nádúrtha agus in-bhithmhillte – rogha bhuan i gcoinne an fhaisin thapa,” a dúirt urlabhraí eile ó An Post.

    Póilíní Ghleann na Tamaise - Thames Valley Police

    mianta collaí - sexual desires

    líne chomharbais - line of succession

    fíorú aoise - age verification

    bioráin chniotála - knitting needles

    olann - wool

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona. D'eisigh na póilíní fógra faoi lámhachóir gníomhach. Dúirt siad gur aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Tá na póilíní fós ag cuardach tithe eile sa cheantar. Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge agus thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúnadh an scoil don chuid eile den tseachtain. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao. Léirigh ceannairí Cheanada brón agus comhbhrón leis na teaghlaigh. Dúirt siad gur tubaiste uafásach é seo. Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada.

    Bhuaigh an lúthchleasaí Ioruach Sturla Holm Laegreid bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh, ach tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, atá 28 bliain d'aois, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé botún mór trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó. Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún.

    Tá Parlaimint an Aontais Eorpaigh tar éis iasacht €90 billiún a cheadú don Úcráin, ceithre bliana i ndiaidh thús ionradh na Rúise. Clúdóidh an iasacht cuid mhór de riachtanais airgeadais na hÚcráine do 2026 agus 2027. Úsáidfear thart ar €60 billiún chun airm a cheannach, agus an chuid eile chun tacú leis an bhuiséad ginearálta. Ní bheidh ar an Úcráin an t-airgead a aisíoc go dtí go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste ón chogadh. Íocfaidh an tAontas Eorpach na costais úis. Faoin chomhaontú, is féidir leis an Úcráin roinnt arm a cheannach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla ó na Stáit Aontaithe, mura féidir leis an Aontas Eorpach iad a sholáthar go gasta. D'fhéadfadh tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe tairbhe a bhaint as seo freisin, ag brath ar chomhaontú faoi chostais na hiasachta. D'fhéadfadh an chéad íocaíocht teacht i mí Aibreáin. Idir an dá linn, mharaigh ionsaí le drón ón Rúis athair agus triúr páistí óga i réigiún Kharkiv. Dúirt an Úcráin gur lámhachadh síos formhór de na 129 drón a seoladh thar oíche. Deir an dá thaobh nach ndíríonn siad ar shibhialtaigh sa chogadh, a thosaigh le hionradh na Rúise in 2022.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    eachtra lámhaigh - shooting incident

    an duine a bhí faoi amhras - the suspect

    Ioruach - Norwegian

    feall - betrayal

    iasacht - loan

    sibhialtaigh - civilians

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    An tseachtain seo, d’éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe.

    Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha. Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol."

    Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas".

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    maoinitheoir - financier

    faisnéis íogair - sensitive information

    colúnaí fadtréimhseach - longterm columnist

    fiúntas ealaíonta - artistic worth

    ceann scríbe - destination

    míleatachas - militarism