Avsnitt

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin.

    Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre.

    Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh.

    I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    meánluas - average speed

    séideán - gust

    cíor thuathail - chaos

    cuir ar fionraí - suspend

    searmanas oirnithe - inauguration ceremony

    orduithe feidhmiúcháin - executive orders

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000
    Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na sé
    seachtaine.
    Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach a
    dhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh.
    Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d’fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    beart - deal

    breosla - fuel

    díospóireacht - debate

    comhaltaí neamhspleácha - independent members

    falscaithe - mountain fires

    triomach - dry weather

    fásra - vegetation

    brosna - kindling

  • Saknas det avsnitt?

    Klicka här för att uppdatera flödet manuellt.

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
    Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan.
    Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg.
    Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    scoil imeasctha - integrated school

    reachtaíocht - legislation

    seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers

    modhnóirí - moderators

    cónra caoladóireachta - wicker coffin

    scal ghréine - sunburst

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. Scaoil an tiománaí, a bhí ina shaighdiúir roimhe, le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é. Fuarthas bratach ISIS sa trucail. Tá sé ráite ag an FBI go gcreideann siad go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar.

    Ar ais in Éirinn, tá feidhm anois le reachtaíocht nua chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo. Mar shampla, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais. Go dtí seo, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 7.5% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí i mbliana. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í.

    Bhí rabhadh buí faoi theocht íseal agus baol seaca i bhfeidhm ar fud na hÉireann Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo. Anois tá sé fógartha ag Met Éireann go leanfar leis an drochaimsir ag an deireadh seachtaine. Tá siad ag tuar go mbeidh an teocht idir aon chéim agus sé chéim Dé Sathairn, agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm. Chomh maith leis sin, beidh sé níos ísle fiú san oíche, thart ar lúide cúig chéim. Agus ní bheidh an pictiúr ag athrú mórán go luath amach anseo. Is féidir linn a bheith ag súil le haimsir den chineál céanna an tseachtain seo chugainn. Mar sin de, má bhíonn sibh ar na bóithre, bígí cúramach agus tugaigí aire.

    eachtra sceimhlitheoireachta - act of terrorism

    an Ceathrú Francach - the French Quarter

    reachtaíocht - legislation

    coireanna áirithe ar fuath is bun leo - certain hate crimes

    rabhadh buí - yellow warning

    lúide - minus

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta nahAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis.

    Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta.

    Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d’aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    tuairt - crash

    ealta éan - a flock of birds

    saoráid sláinte - health facility

    daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists

    gnáthóg nádúrtha - natural habitat

    coileán - cub

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh. Gheall sí go mbeidh sí cothrom agus stuama, agus gheall sí freisin a cuid Gaeilge a fheabhsú go leibhéal i gcomhréir leis an ról.

    Dé Máirt, fógraíodh go mbeidh an calafort Holyhead ar Inis Món dúnta go dtí an cúigiú lá déag de mhí Eanáir, ar a laghad, mar gheall ar an dochar a rinne Stoirm Darragh ann. Cuirfidh an dúnadh isteach go mór ar dhaoine ag taisteal abhaile don Nollaig, agus ar an bpost idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt urlabhraí ó Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann gur géarchéim atá ann, go mbeidh tionchar ollmhór ag an dúnadh ar an tionscal, agus go bhfuil baill dá gcuid ag cailleadh trí chéad míle euro gach seachtain mar gheall air. De ghnáth, téann 60% d’earraí a thagann isteach in Éirinn trí chalafort Holyhead. Tá an rialtas i gcomhoibriú le rialtas na Breataine Bige chun an tionchar a laghdú, agus an trácht a chur ar mhalairt slí trí Fishguard, Learpholl, nó Càrn Rìoghain in Albain.

    D'éag Gearóid Ó Cairealláin, laoch na Gaeilge i mBéal Feirste agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine. Is iomaí gaisce a baineadh amach ar son na teanga faoina cheannasaíocht fhíseach, lena n-áirítear: an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge in Éirinn, Lá, a thosaigh in 1984; Coláiste Feirste, meánscoil lán-Ghaeilge a bunaíodh in 1991; Raidió Fáilte, a fuair ceadúnas in 2006; Aisling Ghéar, an compántas drámaíochta Gaelaí; agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, i gcroílár na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste. Tá clú agus cáil bainte amach ag a mhac Naoise, nó Móglaí Bap mar is fearr aithne air, sa bhanna ceoil Kneecap. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach.

    Guíonn muid Nollaig shona, agus bliain úr faoi shéan is faoi mhaise, dár lucht éisteachta ar fud an domhain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    idirbheartaíocht - negotiation

    Grúpa Réigiúnach Neamhspleách - Regional Group of Independents

    Inis Món - Ynys Môn/Anglesey

    Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann - Irish Road Haulage Association

    ceannasaíocht fhíseach - visionary leadership

    ceadúnas - licence

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D’iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000.

    Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh.

    Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cogadh cathartha - civil war

    príomh-aire eatramhach - interim prime minister

    amhrastach - suspect (person)

    árachas sláinte - health insurance

    searmanas athoscailte - reopening ceremony

    spuaic - spire

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suíochán de dhíth chun móramh a bhaint amach, beidh siad ag caint le páirtithe eile agus le Teachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas a chur le chéile. Bhí lá maith ag na Daonlathaigh Shóisialta agus le Páirtí an Lucht Oibre agus tá seans ann go mbeidh ról acusan sa chéad rialtas eile. Dúradar go mbeidís ag caint le páirtithe eile ar an eite chlé ar dtús, Sinn Féin san áireamh. Bhí idir mhaith agus olc sna torthaí ó thaobh Shinn Féin de. Cé go bhfuil méadú ar an líon Teachtaí Dála atá acu, laghdaigh a sciar den vóta 24.5% i 2020 go dtí 19% i mbliana. Bhí torthaí tubaisteacha ag an gComhaontas Glas, a bhí sa rialtas deireanach. Chailleadar
    gach Teachta Dála a bhí acu seachas ceannaire an pháirtí, Roderic O’Gorman.

    Tá rialtas na Fraince tar éis titim nuair a chaill an Príomh-Aire, Michel Barnier, vóta mímhuiníne tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí Barnier ag iarraidh buiséad a bhrú tríd an bparlaimint ach níor thaitin sé so leis an eite chlé ná leis an eite dheas. D’ardaigh Le Front Populaire, atá ar an eite chlé, rún mímhuiníne i rialtas Barnier agus thacaigh Le Rassemblement National, atá amach ar an eite dheas, leis. Bhí Barnier ag iarraidh €60 billiún a shabháil sa bhuiséad so, chun easnamh na tíre a réiteach ach dúirt na páirtithe eile go raibh na bearta ródhian ar ghnáthdhaoine. Is é an chéad uair ó 1962 gur chaill rialtas na Fraince vóta mímhuiníne agus d’éirigh Barnier as a phost mar Phríomh-Aire maidin Déardaoin. Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, faoi níos mó brú anois tar éis samhradh tubaisteach, nuair a chaill sé móramh a pháirtí sa rialtas, agus neamhchinnteacht sa mhargadh anois. Beidh sé deacair dó
    réiteach a fháil leis an bparlaimint gan tromlach atá sa tír faoi láthair agus ní féidir leis toghchán eile a ghairm go dtí mí Iúil 2025.

    Bhuaigh an banna rapcheoil, Kneecap, a chás cúirte i gcoinne iar-Aire Rialtais sa Bhreatain, Kemi Badenoch. Chuir Badenoch in éadan an deontais ealaíne a bhuadar anuraidh nuair a dúirt sí nach raibh sí sásta airgead cáiníocóra a thabhairt “do dhaoine atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe”. Mhaígh baill Kneecap go ndearnadh leithcheal orthu mar gheall ar a bhféiniúlacht agus d’aontaigh an Ard-Chúirt leo. Gheobhaidh siad an deontas atá dlíte dóibh ach dúradar go mbeidís ag tabhairt an airgid, €17,000 san iomlán, do dhá ghrúpa i mBéal Feirste, ceann amháin a oibríonn le daoine óga ó chúlra náisiúnach agus an ceann eile le daoine óga ó chúlra aontachtach. Tar éis an fhógra, dúirt Kemi Badenoch go raibh cinneadh na cúirte “dochreidte”.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    móramh - majority

    an Comhaontas Glas - the Green Party

    rún mímhuiníne - motion of no confidence

    easnamh - deficit

    leithcheal - discrimination

    féiniúlacht - identity

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá an córas aistrithe inmhalartaithe á úsáid mar is gnách, agus mar gheall air sin b’fhéidir go dtógfaidh sé roinnt uaireanta, nó fiú laethanta, na suíocháin dheireanacha a líonadh i gceantair thoghcháin níos casta. Bhí na ceisteanna móra amhail tithíocht agus an córas sláinte fós i gcroílár na díospóireachta polaitiúla agus beidh ar an rialtas nua na ceisteanna seo a réiteach. Tar éis an toghcháin cuirfear tús le cainteanna maidir le comhrialtas a fhoirmiú.

    Tá sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah tar éis a bheith faofa le cabhair na Stát Aontaithe agus na Fraince. Tá sé seo mar bhua do thaidhleoireacht sa réigiún, a bhfuil cogadh ann le bliain. Dúirt arm na Liobáine go bhfuil sé réidh chun dul go deisceart na tíre chun an sos comhraic a chothabháil. D’iarr siad ar dhaoine gan filleadh ar dheisceart na tíre go dtí go mbeidh sé sábháilte. Fágfaidh arm Iosrael an Liobáin agus tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn na Litani. D'fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin an sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah agus dúirt sé gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza.

    Fuarthas taisí daonna i gContae Mhuineacháin mar chuid de chuardach ar chorp duine atá ar iarraidh ó na Trioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh na taisí as uaigh i reilig idir Baile na Lorgan agus Cluain Tiobrad. Deir an coimisiún atá ag fiosrú daoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí go bhfuair siad fianaise ar ghníomhaíochtaí amhrasacha sa reilig sna 1970idí. Tagann an dáta leis an am a chuaigh Joe Lynskey ar iarraidh. Bhí sé ina bhall den IRA agus níl aon tásc ar a shlí ó bhí 1972 ann. Tá Lynskey ar dhuine de 16 duine atá fós faoi fhiosrúchán faoi fhuadach agus adhlacadh rúnda le linn na dTrioblóidí. Is éard atá i gceist ná go bhfuil an tIRA freagrach as seo. Beidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon eolas breise ar fáil faoi na taisí faighte i gContae Mhuineacháin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gob ar ghob - neck and neck

    pobalbhreitheanna - polls

    faofa - approved

    taidhleoireacht - diplomacy

    taisí daonna - human remains

    fuadach - kidnapping

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey.

    Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” - agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach féidir an diúracán balaistíoch nua seo a stopadh, ach tá na hÚcránaigh ag obair arbhealaí nua chun iad féin a chosaint ó aerionsaithe.

    I mBaile Átha Cliath, fuair giúiré san Ard-Chúirt go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach ar Nikita Hand sé bliana ó shin agus bronnadh damáistí ceathrú milliúin euro ar Hand. Le linn na trialach, chualathas gur tharla an t-ionsaí tar éis cóisir Nollag agus gur tháinig neamhord strus iarthrámach, nó PTSD, arHand, nach raibh in ann filleadh ar an obair agus nár mhothaigh sábháilte ina ceantar dúchais, Droimneach. Shéan McGregor na líomhaintí ar fad, agus thacaigh cara dá chuid leis, ach dúirt dochtúir a scrúdaigh an bhean an lá dár gcionn sa Rotunda go raibh sé ar cheann de na cásanna ba mheasa a bhí feicthe aige.

    Tuairiscíodh Dé hAoine go bhfuil an t-aisteoir mór le rá Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis phictiúrlann a cheannach i nDaingean Uí Chúis. Osclaíodh The Phoenix sa bhaile Gaeltachta sa bhliain 1919 ach bhí ar na húinéirí roimhe seo é a dhúnadh trí bliana ó shin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, costais arda agus an líon beag custaiméirí. Dúirt Murphy go mbíodh sé féin, agus a athair roimhe, ag freastal ar an bpictiúrlann blianta fada ó shin agus iad ar saoire sa cheantar. Dúirt na húinéirí freisin go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus iad ag pleanáil chlár na pictiúrlainne.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    diúracán balaistíoch - ballistic missile

    crann coill - hazel tree

    saoráid mhíleata - military facility

    ionsaí gnéasach - sexual assault

    neamhord strus iarthrámach - post-traumatic stress disorder

    líomhaintí - allegations

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táirgeadh gáis a mhéadú sna deich mbliana atá romhainn. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise. Tá sé aontaithe ag ceannairí domhanda roimhe seo, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid, ach sáraíodh an teorainn sin cheana féin i mbliana.

    Chuaigh bean ar iarraidh ó Thrá na gCeann i gContae na Gaillimhe Dé Máirt. Ba dhuine de bheirt í a chuaigh amach ag snámh san uisce. Cuireadh scairt ar na seirbhísí éígeandála, nuair nár fhill an cumadóir aitheanta Johnny Duhan ar ais óna shnámh féin, agus fuarthas a chorp roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí meascán seirbhísí ag tabhairt faoi chuardach na mná, na Gardaí, an Garda Cósta, an Chosaint Shibhialta, agus an RNLI ina measc, i dteannta le buíonta cuardaigh agus tarrthála as áiteanna éagsúla in Éirinn. Maidin Dé Sathairn, bhí an cuardach ag dul ar aghaidh ar muir agus ar tír, ón Spidéal go hÓran Mór agus soir go Cinn Mhara. Tharla sochraid Duhan, a bhí ceithre bliana is seachtó d'aois, ar an Chnoc Breac i gContae na Gaillimhe inné. Tá muintir Mháire Ní Fhátharta ag bailiú airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach, agus iad ag súil go mbeidh siad ábalta í a thabhairt abhaile.

    Aimsíodh fige 2,000 bliain d’aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh agus dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach, áit ina raibh stáisiún tradála tábhachtach de chuid na Romhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    comhdháil aeráide - climate conference

    stoc breoslaí iontaise - fossil fuel stock

    cumadóir - composer

    buíonta cuardaigh agus tarrthála - search and rescue groups

    torthaí andúchasacha - exotic fruits

    tochailt seandálaíochta - archaeological dig

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh na laethanta, ach bhí sé soiléir go luath i ndiaidh an toghcháin go mbeadh an líon vótaí sin faighte ag Trump. Cé go bhfuil lucht na heite deise ag ceiliúradh, is toradh díomách atá ann do na milliúin daoine i Meiriceá agus thar lear, agus imní acu faoin éifeacht a bheidh ag an rialtas ar cearta na mban, daoine LADTA, daoine de dhath, agus ar an timpeallacht. Seo an dara téarma uachtaránachta ag Trump, tar éis a chéad téarma ó 2017-2021. Táinsíodh Trump dhá uair le linn a chéad téarma agus bhí ciontú coiriúil ina choinne i mbliana.

    Lánscoireadh Dáil Éireann Dé hAoine, agus olltoghchán socruithe don naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Maidir le deireadh téarma an rialtais seo, caithfear an Dáil a lánscor roimh mhí Feabhra 2025 agus bhí ráflaí agus brú go leor ann le déanaí maidir le teacht luath an chinnidh. Tar éis leideanna ón Tánaiste Mícheal Martin agus ó Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas, ceannairí eile an Chomhrialtais, d’fhógair an Taoiseach Simon Harris ar Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin go mbeadh sé ag lorg lánscor na Dála ón Úachtarán Michael D. Higgins Dé hAoine. Dúirt sé go raibh siad ag fánacht leis an mBille Airgeadais a chur tríd ar dtús. Beidh brú ón bpobal maidir le ceist na Palaistíne agus tithíocht go háirithe sa toghchán seo. Is í an Mháirt bheag seo an lá deireanach is féidir clárú le haghaidh vótála.

    Tharla an chéad taispeáint Éireannach den scannán Gladiator II i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, ag an bpictiúrlann The Lighthouse i Margadh na Feirme. Ba é Ridley Scott a stiúr an scannán, agus tá Paul Mescal sa phríomhpháirt, agus leanann an scéal eachtraí an scannáin ráthúil Gladiator ón mbliain 2000. Is ról mór i scannán domhanda é do Mescal, a bhfuil ag éirí leis ina ghairm le roinnt blianta anuas, ach i gcláracha agus scannáin neamhspleácha den chuid is mó. Tá sceitimíní agus bród ar an lucht féachana Éireannach chun scannán chomh mór a fheiceáíl agus príomhaisteoir Éireannach ann. Roimh an taispeáint bhí comórtas na leathcheann nó “lookalike” Paul Mescal i Margadh na Feirme. Spreagtha le heachtra i gCathair Nua Eabhrac an seachtain seo caite bunaithe ar Timothee Chalamet, dúirt an t-eagraí go raibh sé ag lorg píosa spraoi a chruthú agus an oiread sin drochnuachta le cloisteáil na laethanta seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    coláistí toghcháin - electoral colleges

    tromlach - majority

    an Dáil a lánscor - to dissolve the Dáil

    ráflaí - rumours

    taispeáint - showing

    eachtraí - events, adventures

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn.

    Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin.

    Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    tarrthálaithe - rescuers

    rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning

    litir chomhbhróin - letter of condolence

    comhthíreach - fellow countryman

    nuachtán clóite - print newspaper

    ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”.
    Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O’Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin.
    Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d’fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cochall - pod

    saoráid óstáin - hotel facility

    leithcheal - discrimination

    an Teastas Sóisearach - the Junior Cert

    dúnmarfóir - murderer

    achomharc - appeal

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Cé gur gortaíodh cúigear coimeádaithe síochána ó na Náisiúin Aontaithe le cúpla lá anuas, níl aon phlean ann faoi láthair chun na trúpaí a tharraingt siar. Tá rabhadh tugtha ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil coimeádaithe síochána i mbaol mura mbogann siad ó dheisceart na Liobáine, comhartha go leanfar leis na hionsaithe in ainneoin agóidí an phobail idirnáisiúnta.

    Ar ais in Éirinn, agus ráflaí ag dul thart go mbeidh olltoghchán ar siúl go luath, tá Sinn Féin ag déileáil le roinnt géarchéimeanna atá ag bagairt dochar a dhéanamh dá bhfeachtas. Tá sé tagtha chun solais gur thug beirt bhall den pháirtí teistiméireacht d’iaroifigeach preasa an pháirtí ainneoin gur admhaigh sé coireanna mí-úsáide gnéis. Chomh maith leis sin, tá beirt Teachtaí Dála tar éis éirí as, ar chúiseanna ar leith. I gcás amháin, rinne an Teachta Dála gearán faoin gcaoi ar láimhseáil an páirtí líomhain maidir le hiompar neamhoiriúnach. Tagann na scéalta seo ar shála na nuachta go ndearna oifigigh an pháirtí iarracht smacht a choinneáill ar na ceisteanna a fuair an ceannaire Mary-Lou McDonald ag Ard Fheis an pháirtí.

    Cúrsaí sacair anois, agus tar éis an triú babhta de chluichí Shraith na Náisiún, tá foireann na hÉireann sa tríú háit agus trí phointe acu, chun tosaigh ar an bhFionlainn, a chaill gach cluiche, ach taobh thiar den Ghréig, atá i gceannas ar ár ngrúpa le dhá phointe dhéag, agus Sasana sa dara háit le naoi bpointe. Sa chéad chluiche, bhí bua inspioráideach ag Éirinn in aghaidh na Fionlainne, a bhuí le cúil ón gcosantóir Liam Scales agus ón imreoir lár páirce Robbie Brady tar éis botún tubaisteach ón gcaptaen Nathan Collins a thug tús foirfe do na Fionlannaigh. Sa dara cluiche, áfach, thug na Gréagaigh triail i bhfad níos deacra i láthair, agus léirigh bua compordach don fhoireann baile san Aithin méid an dúshláin atógála atá roimh bhainisteoir nua na hÉireann Heimir Hallgrímsson. Idir an dá linn, téann na Gréagaigh ó neart go neart. Sa bhabhta seo, bhuaigh siad in aghaidh ní amháin na hÉireann, ach Sasana in Wembley freisin, den chéad uair riamh, éacht thar a bheith suntasach tar éis bhás tragóideach a n-imreora George Baldock an tseachtain seo caite.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    leifteanantchoirnéal - lieutenant-colonel

    coimeádaithe síochána - peacekeepers

    ráflaí - rumours

    iompar neamhoiriúnach - inappropriate behaviour

    cosantóir - defender

    méid an dúshláin atógála - the extent of the rebuilding challenge

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad isteach go Gaza. Bhí bigil faoi sholas coinnle, searmanas cuimhneacháin agus máirseáil ar siúl in Tel Aviv, Londain, Páras agus Beirlín agus áiteanna eile timpeall na cruinne. Idir an dá linn tá sé ina chogadh dearg i gcónaí. Tá bliain ann ó thosnaigh Iosrael an cogadh i gcoinne an ghrúpa mhíleata Hamas in Gaza. Tá ós cionn daichead míle Palaistíneach caillte ó thosnaigh an cogadh ag cur tús le tubaiste dhaonnúil le 2.2 milliún duine ruaigthe as an Stráice.
    Fuair seisear déag bás nuair a bhuail hairicín Milton, ar hairicín catagóir a trí é, isteach ar chósta Florida sna Stáit Aontaithe. Thosnaigh sé in Siesta Key agus bhog sé trasna na leithinse, ag cruthú daichead a cúig tornádó, gaoth láidir agus tuillte. Bhí os cionn dhá mhilliún teach agus gnólacht gan cumhacht. Tháinig roinnt daoine abhaile le fáil go raibh a dteach scriosta ag an hairicín. Ceaptar go mbeidh ardú ar an méid daoine a fhaigheann bás mar tá siad fós a n-athshlánú ón dtubaiste. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag teacht go Florida chun cuairt a thabhairt ar na ceantair a buaileadh go dona.
    D'éirigh leis an chéad satailít a tógadh in Éirinn riamh dhá gháma-gha a aimsiú. Ba iad scoláirí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thóg an tsatailít EIRSAT-1 agus a dhein dearadh agus tástáil air. An chéad lá de mhí na Nollag a deineadh lainseáil air ó Vandenbeg Aerfhórsa in California agus tá sé ar fhithis ó shin. I rith an ama seo tá os cionn ceithre mhíle fithis déanta aige ar an domhan agus thaistil sé dhá chéad milliún ciliméadar. Tá trí thurgnamh air agus ceann acu is ea an brathadóir gáma-gha. Tarlaíonn siad seo nuair a fhaigheann réalt bás nó nuair a bhuaileann dhá réalt i gcoinne a chéile. Is radaíocht leictreamaighnéadach iad na gáma-ghathanna nach féidir dul isteach go hatmaisféar an domhain agus sin an fáth go gcaithfear turgnamh a dhéanamh leis an tsatailít.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    lá cuimhneacháin - anniversary

    tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster

    hairicín - hurricane

    leithinis - peninsula

    brathadóir gáma-gha - gamma ray detector

    radaíocht leictreamaighnéadach - electromagnetic radiation

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó díobh a scriosadh, agus níor maraíodh éinne ar an talamh in Iosrael faoi ionsaí an Iaráin. Maraíodh níos mó ná dhá mhíle daoine sa Liobáin, áfach, dar leis an rialtas; ina measc fiche a hocht oibrí leighis i lá amháin, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Aistríodh fiche a ceathair Éireannach agus a gcleithiúnaithe amach as an Liobáin Dé hAoine.

    Tá comhaontú déanta ag an Ríocht Aontaithe le Poblacht Oileán Mhuirís an tseachtain seo, chun seilbh agus ceannas Oileánra Chagos a thabhairt dóibh. Chuir an Ríocht Aontaithe ruaig ar mhuintir na n-oileán sna seascaidí agus seachtóidí, thart ar dhá mhíle duine, agus beidh ceart filleadh acusan, agus a gcuid sliochtach, faoin gcomhaontú. Beidh an Ríocht Aontaithe, agus na Stát Aontaithe, fós i gceannas ar an mbunáit mhíleata straitéiseach ar Diego Garcia, an t-oileán is mó san oileánra, go ceann nócha naoi bliain eile. Dúirt urlabhraí de chuid Chagossian Voices, eagraíocht phobail na n- oileánach, nach raibh seans acu bheith páirteach san idirbheartaíocht, agus d’éiligh said ról sa phróiseas i ndréachtú an chonartha fhoirmiúil.

    Tá an réalta eireabaill, nó cóiméad, Tsuchinshan-ATLAS ag teacht, den chéad uair ó ré na Sean-Chlochaoise ar domhan, agus tá réalteolaithe ag súil le ceann de na réaltaí eireabaill is gile le blianta anuas. Tá sé le feiceáil go híseal sa spéir roimh bhreacadh an lae agus é seo á scríobh; acht rachaidh sé trí pheirihéalean – an pointe is cóngaraí don ghrian ina fhithis – ar an dara lá déag den mhí seo. Ina dhiaidh sin bogfaidh sé go dtí an spéir tráthnóna, agus tá na saineolaithe ag tuar go mbeidh sé le feiceáil go breá geal sa spéir, le heireaball fada, tar éis luí na gréine an tseachtain i ndiaidh an dara lá déag.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    diúracán balaistíoch - ballistic missile

    cleithiúnaithe - dependents

    oileánra - archipelago

    sliochtach - descendent

    réalta eireabaill - comet

    fithis - orbit

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir Benjamin Netanyahu nach gcuirfidh Iosrael ‘stad’ le hionsaithe ar Hezbollah in ainneoin glaonna sos cogaidh ón bhFrainc agus ó chomhghuaillithe eile agus geallann sé leanúint leis an Liobáin a bhualadh. Tá níos mó ná 27,000 duine tar éis teitheadh ón Liobáin le trí lá anuas - agus tá níos mó ná 70,000 duine díláithrithe go hinmheánach tar éis tearmann a ghlacadh i 500 scáthlán a bunaíodh ar fud na tíre, dúirt Aire Gnóthaí Baile na Liobáine.

    Tá reachtaíocht sínithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys chun cosc a chur ar mhadraí Bulaí XL tar éis roinnt ionsaithe tromchúiseacha. Tagann an toirmeasc i bhfeidhm in dhá chéim, ag tosú Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh sé in aghaidh an dlí madra Bulaí XL a allmhairiú, a phórú, a dhíol nó a athlonnú. Ansin, ón 1ú Feabhra 2025, beidh sé mídhleathach úinéireacht na madraí gan deimhniú díolúine. D'áitigh lucht agóide i gcoinne na ndlíthe nua go bhfuil a leithéid de reachtaíocht idirdhealaitheach i gcoinne úinéirí siosmaideacha agus a gcuid madraí, agus nach dtugann an cosc aghaidh ar úinéireacht neamhfhreagrach peataí.

    D’admhaigh zú Síneach gur “madraí péinteáilte” a bhí sna pandaí ina chuid foilseán. Thuig cuairteoirí ag Zú Shanwei gur cuireadh dallamullóg orthu nuair a thosaigh na pandaí, mar a thugtar orthu, ag tafann. Tá pandaí dúchasach don tSín agus is siombal idirnáisiúnta den tír iad. Tar éis do chuairteoirí an cleas a phoibliú ar na meáin shóisialta, d'admhaigh na heagraithe go raibh dhá chow chow péinteáilte acu - pór madraí clúmhach ó thuaisceart na Síne ó dhúchas - le marcálacha panda dubh agus bán. Ó shin i leith, d'éiligh cuairteoirí a gcuid airgid ar ais mar gheall ar an bhfógraíocht bhréagach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionsaithe spriocdhírithe - targeted attacks

    otharcharranna - ambulances

    toirmeasc - prohibition

    díolúine - exemption

    cleas - trick

    pór - breed

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

    Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, tar éis dó a bheith faoi agallamh ag an BBC roimhe seo ar an ábhar agus ag rá go poiblí go raibh sé ag iarraidh saighdiúirí Afganastánacha a earcú chun bogadh go dtí an Úcráin. Tá leabhar ar an ábhar foilsithe aige ar Amazon freisin. Labhair Trump go poiblí an lá tar éis na hiarrachta feallmharaithe, ag moladh na Seirbhíse Rúnda as sár-jab a dhéanamh agus ag cur an mhilleáin faoin dá iarracht feallmharaithe ar “reitric” ó na Daonlathaigh a thug “baol don daonlathas”, dar le Trump.

    Bhí dhá bhabhta pléascanna sa Liobáin an tseachtain seo a bhain úsáid as gléasanna leictreonacha. Phléasc na mílte glaoirí agus siúlscéalaithe de chuid Hezbollah, maraíodh tríocha dó duine agus gortaíodh na mílte. Ní dhearna Iosrael trácht go sonrach ar na hionsaithe ach thug sé faoi deara níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé ag dul isteach i “gcéim nua sa chogadh”, mar a bhog a chuid trúpaí ó thuaidh go dtí an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Níl sé soiléir cé chomh díreach agus a phléasc na gléasanna, le roinnt ag éileamh go raibh insíothlú déanta ag Iosrael ar an gcóras déantúsaíochta chun pléascáin a phlandáil laistigh de na gléasanna sular shroich siad Hezbollah. Gheall Hezbollah, as a chuid féin, freagra a thabhairt.

    Cháin grúpa príomhoidí atá ag obair i mBaile Átha Cliath tuarascáil ón OECD a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais chun feidhmíocht na hÉireann maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna a mheas. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí fós i dtorthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile agus daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Rud amháin a cháin na príomhoidí, áfach, ná go raibh an tuarascáil ag brath go príomha ar fhéintuairisciú na Roinne Oideachais, go raibh na moltaí gan samhlaíocht agus doiléir, agus nár tugadh cuairt ach ar shé scoil le linn tréimhse seachtaine sa bhliain fiche trí. Tá an grúpa ag iarraidh leibhéal nua tacaíochtaí deis a chur i bhfeidhm ag an roinn chun freastal ar riachtanais a gcuid scoileanna.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    feallmharú - assassination

    amhrastach - suspect

    coireanna gunna cónaidhme - federal gun crimes

    glaoirí agus siúlscéalaithe - pagers and walkie-talkies

    príomhoidí - head teachers/principals

    míbhuntáiste - disadvantage

  • Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d’éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán.

    Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid.

    Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    díospóireacht uachtaránachta - presidential debate

    ginmhilleadh - abortion

    cath dlíthiúil - legal battle

    cánacha neamhíoctha - unpaid taxes

    ús - interest (financial)

    feidhmíocht - performance